skip to main content

Scéalaíocht: Fadó agus go deo

Gearóidín Breathnach Image Name: Gearóidín Breathnach Description: Amhránaí agus scéalaí Gearóidín Breathnach / singer and storyteller Gearóidín Breathnach Copyright: RTÉ

Traidisiún agus ealaín na scéalaíochta sa lá atá inniu ann, agus sna laethanta a bhí, a bheidh faoi chaibidil sa tsraith nua seo le Mairéad Uí Dhomhnaill.  An scéalaíocht ó ghlúin go glúin ábhar chlár an lae inniu.  Cloisfimid leagan den scéal fiannaíochta Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna ag Cuan Bhinn Éadair á insint ag trí ghlúin de theaghlach Neidí Frainc Mhic Grianna.  Cloisfimid taifead de Neidí Frainc féin ó Chartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann, agus cuirfidh a iníon Gearóidín Breathnach píosa leis, agus cuirfidh a mac siúd Gearóid píosa eile arís leis.  Deirtear i nótaí an bhailitheora Seán Ó hEochaidh go bhfuair Neidí Frainc an scéal seo óna athair i Rann na Feirste, mar sin is léiriú atá anseo ar an dtraidisiún béil thar cheithre ghlúin. Beidh agallamh le Gearóidín Breathnach agus a mac Gearóid le cloisteáil ar an gclár freisin.  Léiriú agus láithriú le Mairéad Uí Dhomhnaill.  Léiríodh an clár seo le maoiniú ó Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, agus urraíocht ó Fhoras na Gaeilge. 

Today we will hear the first programme in a new series about the art and tradition of storytelling.  The theme of today’s programme is storytelling from generation to generation within families.  Today, we will hear Neidí Frainc Mac Grianna telling a story of Fionn Mac Cumhaill and Na Fianna from the National Folklore Collection in UCD.  Then we will hear his daughter Gearóidín take up the story, and her son Gearóid will also contribute part of the tale.  Folklore collector Seán Ó hEochaidh says in his notes that Neidí Frainc got this story from his own father, so we see here an example of storytelling through four different generations of a family.  The programme will also include an interview with Gearóidín Breathnach and her son Gearóid.  Presented and produced by Mairéad Uí Dhomhnaill.  This series has been funded by the BAI’s Sound and Vision scheme, and sponsorship from Foras na Gaeilge.