This series celebrates some of the wealth of material in the RTÉ Raidió na Gaeltachta archives as part of the station’s 40 year celebrations. Today the programme will focus on gifted Aran Islands poet Máirtín Ó Direáin. Ó Direáin was born in 1910 and, although he spent most of his life in the cities of Galway and Dublin, he never forgot his home in the west. We will hear archive material from him on the programme today, describing his life and reading some of his poetry. Presented by Máirín Nic Con Iomaire.
Déantar comóradh sa tsraith seo ar chuid den saibhreas atá fágtha le huachta i gcartlann Raidió na Gaeltachta ag pearsana mór le rá idir fhilí agus fhonnadóirí, aisteoirí agus chumadóirí, go leor acu atá ar shlí na fírinne anois. Is é Máirtín Ó Direán a bheidh faoi chaibidil ar chlár an lae inniu. Tá sé os cionn céad bliain anois ó rugadh Ó Diréain i 1910. Árainneach a bhí ann a thug saol na cathrach air féin, i nGaillimh ar dtús, agus i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, ach níor dhearmad sé riamh a mhuintir féin ‘thiar ag baile’ agus tá cuimhní na hóige agus téama an stoiteachais go fras trína chuid filíochta. Beidh glór an Direánaigh le cloisteáil agus é ag cur síos ar a óige agus ag aithris a chuid filíochta ar an gclár seo inniu. Á chur i láthair ag Máirín Nic Con Iomaire.