skip to main content

Sláinte Mhaith

This week’s programme will focus on mental health. Consultant Psychiatrist Dr Siobhán De Barra will describe the symptoms of schizophrenia and the support needed by those suffering from it. Donncha Ó hÉallaithe will describe his experience of depression. The programme team visits Gairm Scoil Chú Uladh in Donegal where students have initiated a project to draw attention to mental health, and Caitríona Nic Giolla Phádraig describes the positive benefits to those with mental health difficulties of Five Rhythms Dance. Anna Ní Bhroin presents. The programme is rebroadcast at 6.30 pm

An tseachtain seo is é meabhairshláinte a bheidh faoi chaibidil ar an gclár. Is Síciatraí Comhairleach agus Stiúrthóir Cliniciúil í an Dr. Siobhán de Barra in ospidéal St. John of Gods i mBaile Átha Cliath. Déanann sí cur síos ar an gclár inniu ar na tréithe a bhaineann le scitsifréine agus ar an tacaíocht a theastaíonn ó dhuine le déileáil leis. Cloisimid scéal Dhonncha Uí Éallaithe agus a thaithí siúd ar an ngalar dubh. Tugaimid cuairt ar Ghairm Scoil Chú Uladh sa Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill áit a bhfuil tionscnamh ar siúl ag na daltaí ansin le haird a tharraing ar mheabhairshláinte, agus insíonn Caitríona Nic Giolla Phádraig dúinn faoin tairbhe a bhaineann daoine a bhfuil deacrachtaí intinne acu as Damhsa na gCúig Rithímí. Á chur i láthair ag Anna Ní Bhroin. Déantar athchraoladh ar an gclár ag 6.30 pm