skip to main content

SEACHTAIN 13 – SCOTH CHLÁRACHA RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA

Áine Ní Churráin Image Name: Áine Ní Churráin Description: Barrscéalta Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Eibhlín Ní Chonghaile Image Name: Eibhlín Ní Chonghaile Description: Adhmhaidin Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Rónán Mac Aodha Bhuí Image Name: Rónán Mac Aodha Bhuí Description: Rónán Beo@ 3 Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.

SCOTH CHLÁRACHA RAIDIÓ RTÉ
SEACHTAIN 13 – 2007
Dé Sathairn, 22 Márta 2008 – Dé hAoine, 28 Márta, 2008

• Aifreann an Lae –  23 Márta @ 11.02am (Domhnach Cásca)

• Spórt an Lae – 23 Márta @ 2pm (Domhnach Cásca)

• Dúchas – 23 Márta @ 5.30pm (Domhnach Cásca)

• Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne 1940-1989 – 23 Márta @ 6.30pm (Domhnach Cásca)

• Adhmhaidin – 24 Márta @ 8am (Luan Cásca)

• Oideas agus Oidhreacht – 24 Márta @ 8pm (Luan Cásca)

• Barrscéalta – 28 Márta @ 11.02am (Dé hAoine)

• RónánBeo@3 – 28 Márta @ 3pm (Dé hAoine)
___________________________
__________________________________

• Aifreann an Lae (Domhnach Cásca)
Aifreann ar Dhomhnach Cásca ó Chill Éinde, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

Easter Sunday Mass from Spiddal, Co. Galway. 

• Spórt an Lae (Domhnach Cásca)
Tuairiscí agus tráchtaireacht ón tSraith Náisiúnta Iomána Allianz.

Coverage of the Allianz National Hurling League.

• Dúchas (Domhnach Cásca)
Seo sraith cláracha faoi dhaoine ina gcónaí i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge agus canúintí ceantair faoi bhrú.
 
This series looks at the people living in areas where Irish and the local vernacular are under pressure.

• Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne 1940 – 1989 (Domhnach Cásca)
Stair Choláiste Íosagáin ó thús a ré atá sa tsraith seo. Cloisfear faoi thógaint an choláiste i 1937, beidh cur síos ó dhaoine a bhí ag obair ann agus ó iarscoláirí a fuair a gcuid meánoideachais ann. Is é seo an clár deiridh sa tsraith seo.

The history of Coláiste Íosagáin is discussed in this series. The building of the College in 1937, along with the stories and memories of past workers and past pupils of the College are to be heard. This is the final programme of the series.

• Adhmhaidin (Luan Cásca)
Nuacht náisiúnta & idirnáisiúnta, nuacht áitiúil, léirmheas na nuachtán agus agallaimh.

National, international and local news along with in-depth interviews and a look at the day’s newspapers.

• Oideas agus Oidhreacht (Luan Cásca)
Cloisfear an Dr. Grace Neville agus Eibhlín Ní Chonbhuí ó Éigse na Brídeoige 2008.

In this programme, Dr. Grace Neville and Eibhlín Ní Chonbhuí talk at Éigse na Brídeoige 2008.

• Barrscéalta (Dé hAoine)
Craolfar an clár irise seo beo ó Oireachtas na Cásca i mBaile Dhún na nGall.

This magazine programme broadcasts live from Oireachtas na Gaeilge in Donegal Town.

•  Rónán Beo@3 (Dé hAoine)
Beidh Rónán Mac Aodha Bhuí sa gcathaoir don chlár seo, beo ón Ródaí, ag Oireachtas na Cásca i mBaile Dhún na nGall.

Rónán Mac Aodha Bhuí presents this show, live from An Ródaí (The Roadcaster), at Oireachtas na Cásca in Donegal Town.
______________________________
________________________________________________________

Aifreann an Lae (Domhnach Cásca)
Craolfar Aifreann an Lae, ar an Domhnach Cásca seo, ó Chill Éinde, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, ar an Domhnach, 23 Márta. Is é an tAthair Seán Mac Aodha, ceiliúraí an aifrinn. Is é Máirtín Davy Ó Coisdealbha léiritheoir an aifrinn.
Is é seo Domhnach Cásca, agus beidh éidí bána ar an sagart.
Titeann an Cháisc ar laethantaí éagsúla gach bliain, agus i mbliana ar ndóigh, tá Domhnach Cásca ar 23 Márta, ach ní bheidh Domhnach Cásca ar an lá seo arís go 2160.  Thit Domhnach Cásca ar 22 Márta siar sa bhliain 1818. Is é 19 Aibreán an lá is coitianta. Beidh an Cháisc ar an 24 Aibreán sa bhliain 2011.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh (Domhnach Cásca), 23 Márta ag 11.02am

Aifreann an Lae (Easter Sunday)
Sunday Mass, on this Easter Sunday, is broadcast from the Cill Éinde, Spiddal, Co. Galway on the 23rd March. Father Seán McHugh is the celebrant, and Máirtín Davy Ó Coisdealbha is the producer. Today’s mass celebrates Easter Sunday, and the priest’s vestments are white.
Easter falls on different days each year, and this year Easter Sunday falls on the 23rd March. However, Easter Sunday won’t fall on this date again until 2160. In 1818, Easter Sunday fell on the 22nd March. The most common date for Easter Sunday is the 19th April. Easter Sunday will be on the 24th April in 2011.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Sunday (Easter Sunday), 23rd March at 11.02am 

Spórt an Lae (Domhnach Cásca)
Beidh tuairiscí, torthaí agus anailís ar chursaí spóirt an lae ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach Cásca seo ó 2pm ar aghaidh. Beidh clúdach cuimsitheach ar na cluichí sa tSraith Náisiúnta Iomána Allianz. Tabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, sa Roinn 1A, i bPáirc an Bhreathnaigh i bPort Láirge. Faoi láthair, is féidir le 17,000 a bheith i láthair sa staidium. Beidh Corcaigh agus Loch Garman, sa Roinn 1A, ag imirt i bPáirc Uí Chaoimh, i gCorcaigh. Ar Pháirc na nGael, i Luimneach, imreoidh Luimneach agus Gaillimh, i Roinn 1B, agus i Stáid Semple, tabharfaidh Durlas aghaidh ar Laois, sa Roinn 1B.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh (Domhnach Cásca), 23 Márta ag 2pm


Spórt an Lae (Easter Sunday)
The RTÉ Raidió na Gaeltachta sports team will provide coverage of the day’s sporting action from 2pm. This Easter Sunday sees the Allianz Hurling League matches comprehensibly covered. Waterford meet Dublin, in their division 1A match, in Walsh Park, Waterford. At the moment, the ground’s capacity is 17,000. Cork face Wexford in their Division 1A match in Páirc Uí Chaoimh in Cork. Limerick will line out against Galway on the Gaelic Grounds in Limerick in their Division 1B match, and Semple Stadium will host Thurles and Laois in their Division 1B match.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Sunday, (Easter Sunday), 23rd March at 2pm 

Dúchas (Domhnach Cásca)
Seo sraith cláracha a rinne Pádraig Ó Baoill sa bhliain 2000 le daoine atá ina gcónaí i gceantair ina bhfuil an Ghaeilge agus canúintí ceantair faoi bhrú.
Sa gclár inniu, cloisfear Donnchadha Mac Giolla Bhríde agus Seosamh Mac Dáibhéid, i mbun comhrá le Pádraig Ó Baoill. Is é Séamus Mac Géidigh léiritheoir an chláir.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh (Domhnach Cásca), 23 Márta ag 5.30pm

Dúchas (Easter Sunday)
In this series, Pádraig Ó Baoill meets people living in areas when there is a pressure on preserving Irish and the local vernacular. In today’s programme, the guests include Donnchadha Mac Giolla Bhríde and Seosamh Mac Dáibhéid. Séamus Mac Géidigh is the producer of the show. This series was first broadcast in 2000.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Sunday, (Easter Sunday), 23rd March at 5.30pm

Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne 1940 – 1989 (Domhnach Cásca)
Fuair an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Máire Ní Chéilleachair bás sa bhfómhar seo caite. Bhí Máire ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, lonnaithe i mBaile na nGall ó
1992. Sa tréimhse sin is mó sraith cláir a chuir Máire i láthair an phobail, an tsraith is déanaí le linn an tsamhraidh, an bhliain seo caite, Coláiste Iosagáin. In omós do Mháire tá ath-chraoladh den tsraith sin gach trathnóna Domhnaigh feasta ag tosnú ar an 6 Eanáir  ar 6.30pm.
D’oscail Coláiste Íosagáin sa bhliain 1940, agus bhí sé ar cheann de na seacht  gColáistí Ullmhúcháin a bheartaigh an rialtas a chur ar bun chun go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag bunmhúinteoirí na tíre. Coláiste cónaithe do bhuachaillí ab ea é, a tógadh i nGaeltacht Mhúscraí i mBaile Bhúirne tar éis roinnt aighnis faoin suíomh. Tháinig buachaillí ó cheann ceann na tíre ann chun meánscolaíochta sula ndeachaigh siad go Coláiste Phádraig faoi oiliúint mar bhunmhúinteoirí. Bhí cáil an léinn agus na Gaeilge ar an áit chomh maith le cáil na caide agus liathróid láimhe. Cuireadh deireadh le córas na gColáistí Ullmhúcháin sa bhliain1960 ach lean Coláiste Íosagáin mar mheánscoil lae go dtí gur imigh na bráithre De la Salle i 1989. Stair Choláiste Íosagáin ó thús a ré atá sa tsraith seo.
Cloisfear Mícheál Ó Lionáird, Dónal Ó Liatháin, Máirín Mhac an tSaoi agus Miki Ned Ó Súilleabháin sa gclár seo. Bí linn tráthnóna Domhnaigh ag 6.30pm.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, (Domhnach Cásca), 23 Márta ag 6.30pm


Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne 1940 – 1989 (Easter Sunday)
Máire Ní Chéilleachair, broadcaster with RTÉ Raidió na Gaeltachta, passed away last autumn. Máire worked with RTÉ Raidió na Gaeltachta since 1992, and she was based in Baile na nGall in Kerry. In the time she spent with RTÉ Raidió na Gaeltachta, Máire produced and presented many programmes. Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne, 1940–1989, is the last series she did. In memory of Máire Ní Chéilleachair, this series will be repeated every Sunday, starting on the 6th January at 6.30pm.
Coláiste Íosagáin opened in 1940, and it was one of the seven Preparatory colleges which made sure the primary teachers of Ireland would have adequate Irish. It was a boarding school for boys, although there were initial doubts it would ever be built because of the site. Boys from all over the country attended this College before progressing to St. Patrick’s College. Coláiste Íosagáin was known for its academics, irish and sport. The Preparatory college closed in 1960, but Coláiste Íosagáin itself continued as a secondary day-school. The De La Salle Brothers left in 1989.
In this programme, Mícheál Ó Lionáird, Dónal Ó Liatháin, Máirín Mhac an tSaoi and Miki Ned Ó Súilleabháin remember the time they spent in the College.
Listen on Sunday, at 6.30pm, on RTÉ Raidió na Gaeltachta.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday, (Easter Sunday), 23rd March at 6.30pm


Adhmhaidin (Luan Cásca)
Is í Eibhlín Ní Chonghaile a bheas sa gcathaoir craoltóireachta ar an Luan Cásca seo ó 8am ar aghaidh le scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta agus nuacht áitiúil. Beidh agallaimh faoi chúrsaí reatha le cloisteáil, chomh maith le sracfhéachaint ar nuachtáin an lae.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain, (Luan Cásca), 24 Márta ag 8am

Adhmhaidin (Easter Monday)
Eibhlín Ní Chonghaile presents this morning news programme on this Easter Monday from 8am. National, international and local news stories are comprehensibly covered. There are interviews based on current affairs as well as a glimpse at the content of the day’s newspapers.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday, (Easter Monday), 24th March at 8am


Oideas agus Oidhreacht (Luan Cásca)
In eagrán na seachtaine seo don gclár Oideas agus Oidhreacht, cloisfear dhá léacht a tugadh ag Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach ag tús Mhí Feabhra i mbliana. Cloisfear an Dr. Grace Neville ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh ag caint ar phearsa mhór Uíbh Ráthaigh Dónall Ó Conaill, agus go mórmhór an tréimhse a chaith a bhean agus a chlann ar deoraíocht sa bhFrainc thart ar an mbliain1822-23. Tréimhse bhrónach, dhuairc go maith i saol an Chonallaigh a bhí sa tréimhse áirithe sin.
Sa dara leath, cloisfear Eibhlín Ni Chonbhuí ag cur síos ar chuanta agus ar chuasanna Uíbh Ráthaigh. Tá cuanta agus cuasanna mórthimpeall Uíbh Ráthaigh, agus tugann Eibhlín sinn ar chamchuairt mórthimpeall chósta na leithinse agus cuireann sí os ár gcomhair ainmneacha agus stair na gcuanta éagsúla. Is maith is fiú mar sin cluas le héisteacht a thabhairt don gclár Oideas agus Oidhreacht, oíche Dé Luain, ar 8pm, anseo ar RTE Raidió na Gaeltachta!
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain, (Luan Cásca), 24 Márta ag 8pm


Oideas agus Oidhreacht (Easter Monday)
In this week’s programme, two lectures from Éigse na Brídeoige are heard. Éigse na Brídeoige was in Uíbh Ráthach, in February of this year. Dr. Grace Neville, from University College Cork, speaks about the renowned Irishman, Daniel O’ Connell, especially the time spent by his wife and family in exile in France, around 1822-23.
In the second part of the programme, Eibhlín Ní Chonbhuí discusses the lakes and creeks all around Uíbh Ráthach. There are any number of them in the area, and Eibhlín brings the listener around the peninsula describing the names and history associated with them all. Listen to Oideas agus Oidhreacht, Monday at 8pm on RTÉ Raidió na Gaeltachta!
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday, (Easter Monday), 24th March at 8pm


Barrscéalta (Dé hAoine)
Éist le Barrscéalta ar an Aoine, 28 Márta ag 11.02am, beo ó Oireachtas na Cásca i mBaile Dhún na nGall. Beidh caint, ceol agus siamsaíocht ar an gclár. Tá Oireachtas na Cásca ar siúl le linn na Féile Pan Ceiltí i mbliana. Is é seo an 37ú Féile Idirnáísiúnta Pan Cheilteach agus tá sé ar siúl ó 25-30 Márta. Beidh comórtaisí ar siúl ó 27-30 Márta, agus seans maith go mbeidh Áine Ní Churráin, láithreoir an chláir, i mbun cainte leis na hiarrthóirí. Is é Colm Ó Dúlacháin léiritheoir an chláir.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé hAoine, 28 Márta ag 11.02am


Barrscéalta (Friday)
Listen to Barrscéalta on Friday, 28th March at 11.02am, broadcasting live from Oireachtas na Cásca in Donegal Town. The programme will be filled with chat, music and fun. Oireachtas na Cásca is on this year during the Pan-Celtic Festival. This is the 37th International Pan Celtic Festival, and it runs from the 25th-30th March. There will be many competitions held throughout the Festival and Oireachtas, and without a doubt, the presenter of Barrscéalta, Áine Ní Churráin, will speak with many of those taking part. Colm Ó Dúlacháin is the producer of the programme.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Friday, 28th March at 11.02am


Rónán Beo@3 (Dé hAoine)
Beidh Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta le feiceáil i mBaile Dhún na nGall ar an Aoine seo, agus Rónán Mac Aodha Bhuí i láthair beo ó Oireachtas na Cásca sa mbaile.
I gcuideachta Ronáin mar léiritheoir beidh fear óg as Rann na Feirste, Dónall Mac Ruairí, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa ceoil  traidisiúnta Inis Fáil, fear a bhfuil suim aige sa drámaíocht, i gcúrsaí spóirt agus sa seanchas. Idir an bheirt acu is cinnte go mbeidh meascán mearaí ar an chlár agus daoine ag dul ar seachrán le Rónán!
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé hAoine, 28 Márta ag 3pm


Rónán Beo@3 (Friday)
The RTÉ Raidió na Gaeltachta Ródaí (Roadcaster) will be in Donegal Town this Friday where Rónán Mac Aodha Bhuí will present his show live from Oireachtas na Cásca. Ably assisted by producer Dónall Mac Ruairí, founder member of band Inis Fáil, the programme promises surprises, entertainment, lighthearted fun and the unexpected!
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Friday, 28th March at 3pm