SCOTH CHLÁRACHA RAIDIÓ RTÉ
SEACHTAIN 5 – 2007
Dé Sathairn, 26 Eanáir 2008 – Dé hAoine, 1 Feabhra, 2008
• Focal Faire
Plé bríomhar faoi nathanna cainte agus focail éagsúla na gaeilge curtha i láthair ag Máire Ní Neachtain. Bíonn cur síos ar úsáid na bhfocal sna Gaeltachtaí éagsúla.
Máire Ní Neachtain presents a discussion on words and phrases used in gaeltacht regions.
• Aifreann an Lae
Aifreann ó Fhéile Chóilín Sheáin Dharach, i Séipéal Mhuire, Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Mass from Féile Chóilín Sheáin Dharach, in Ros Muc, Co. Galway.
• Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne 1940 – 1989
Stair Choláiste Íosagáin ó thús a ré atá sa tsraith seo. Cloisfear faoi thógaint an choláiste i 1937, beidh cur síos ó dhaoine a bhí ag obair ann agus ó iarscoláirí a fuair a gcuid meánoideachais ann.
The history of Coláiste Íosagáin is discussed in this series. The building of the College in 1937, along with the stories and memories of past workers and past pupils of the College are to be heard.
• Oideas agus Oidhreacht
Sa chlár seo, cloisfear cur síos ar an scoláire Ioruach, Carl Marstrander.
The Norweigan Carl Marstrander is the subject of this programme.
• Seo mo Scéal
Sraith speisialta í seo ina dtugann scoláirí idirbhliana ó cheann ceann na tíre agus na Gaeltachta léargas ar a saol féin agus a gcuid scéalta féin.
A series where transition year students from around the country give insights into their lives and other stories.
• SBB Aniar
Fógrófar duaiseanna Ghlór na nGael ar an gclár speisialta seo á chur i láthair ag Seán Bán Breathnach.
Glór na nGael prizewinners will be announced in a special live programme, hosted by Seán Bán Breathnach.
_______________________________
________________________________________________________
Focal Faire
Plé bríomhar faoi nathanna cainte agus focail éagsúla na gaeilge le Máire Ní Neachtain agus a painéal, Séamus Ó Scannláin, Lillis Ó Laoire agus Máire Feiritéar. Bíonn cur síos ar úsáid na bhfocal sna Gaeltachtaí éagsúla.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, 27 Eanáir ag 10.30am
Focal Faire
Máire Ní Neachtain discusses the uses and meanings of many irish words and phrases with Séamus Ó Scannláin, Lillis Ó Laoire and Máire Feiritéar. Some of the words and phrases are in every-day use, others not so common.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Sunday, 27th January at 10.30am
Aifreann an Lae
Craolfar Aifreann an Lae ó Fhéile Chóilín Sheáin Dharach, i Séipéal Mhuire i Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Is é an tAthair Pádraig Mac Consaidín ceiliúraí an aifrinn. Is é Máirtín Davy Ó Coisdealbha léiritheoir an aifrinn.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, 27 Eanáir ag 11.02am
Aifreann an Lae
Sunday Mass is broadcast from Féile Chóilín Sheáin Dharach in Ros Muc, Co. Galway. Father Pádraig Mac Consaidín is the celebrant, and Máirtín Davy Ó Coisdealbha is the producer.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Sunday, 27th January at 11.02am
Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne 1940 – 1989
Fuair an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Máire Ní Chéilleachair bás sa bhfómhar seo caite. Bhí Máire ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta, lonnaithe i mBaile na nGall ó
1992. Sa tréimhse sin is mó sraith cláir a chuir Máire i láthair an phobail, an tsraith is déanaí le linn an tsamhraidh, an bhliain seo caite, Coláiste Iosagáin. In omós do Mháire tá ath-chraoladh den tsraith sin gach trathnóna Domhnaigh feasta ag tosnú ar an 6 Eanáir ar 6.30pm.
D’oscail Coláiste Íosagáin sa bhliain 1940, agus bhí sé ar cheann de na seacht gColáistí Ullmhúcháin a bheartaigh an rialtas a chur ar bun chun go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag bunmhúinteoirí na tíre. Coláiste cónaithe do bhuachaillí ab ea é, a tógadh i nGaeltacht Mhúscraí i mBaile Bhúirne tar éis roinnt aighnis faoin suíomh. Tháinig buachaillí ó cheann ceann na tíre ann chun meánscolaíochta sula ndeachaigh siad go Coláiste Phádraig faoi oiliúint mar bhunmhúinteoirí. Bhí cáil an léinn agus na Gaeilge ar an áit chomh maith le cáil na caide agus liathróid láimhe. Cuireadh deireadh le córas na gColáistí Ullmhúcháin sa bhliain1960 ach lean Coláiste Íosagáin mar mheánscoil lae go dtí gur imigh na bráithre De la Salle i 1989. Stair Choláiste Íosagáin ó thús a ré atá sa tsraith seo.
Cloisfear daoine a chaith tamall ag obair i gColáiste Íosagáin Baile Bhúirne sa gclár seo. Bí linn gach tráthnóna Domhnaigh ag 6.30pm.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, 27 Eanáir ag 6.30pm
Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne 1940 – 1989
Máire Ní Chéilleachair, broadcaster with RTÉ Raidió na Gaeltachta, passed away this past autumn. Máire worked with RTÉ Raidió na Gaeltachta since 1992, and she was based in Baile na nGall in Kerry. In the time she spent with RTÉ Raidió na Gaeltachta, Máire produced and presented many programmes. Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne, 1940–1989, is the last series she did. In memory of Máire Ní Chéilleachair, this series will be repeated every Sunday, starting on the 6th January at 6.30pm.
Coláiste Íosagáin opened in 1940, and it was one of the seven Preparatory colleges which made sure the primary teachers of Ireland would have adequate Irish. It was a boarding school for boys, although there were initial doubts it would ever be built because of the site. Boys from all over the country attended this College before progressing to St. Patrick’s College. Coláiste Íosagáin was known for its academics, irish and sport. The Preparatory college closed in 1960, but Coláiste Íosagáin itself continued as a secondary day-school. The De La Salle Brothers left in 1989.
This programme showcases some of the people who spent time working in Coláiste Íosagáin Baile Bhúirne.
Listen every Sunday, at 6.30pm, on RTÉ Raidió na Gaeltachta.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday, 27th January at 6.30pm
Oideas agus Oidhreacht
Léachtaí, léitheoireachtaí filíochta agus imeachtaí cultúrtha ó cheithre chúige na tíre.
Cloisfear an tOllamh Bo Almqvist Ollamh Emeritus le Béaloideas, Coláiste na hOllscoile Baile Atha Cliath ag caint ar an scoláire Ioruach Carl Marstrander.
Is é Jeaic Ó Muircheartaigh léiritheoir an chláir.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain, 28 Eanáir at 8pm
Oideas agus Oidhreacht
Lectures, poetry readings and cultural events from all over the country are discussed in this programme.
Professor Emeritus Bo Almqvist, Department of Irish Folklore, UCD, talks about the Norweigan, Carl Marstrander. Jeaic Ó Muircheartaigh is the producer.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday, 28th January at 8pm
Seo mo Scéal
Sraith speisialta í seo ina dtugann scoláirí idirbhliana ó cheann ceann na tíre agus na Gaeltachta léargas ar a saol féin agus a gcuid scéalta féin. Tá an tsraith seo á maoiniú ag an gCiste Speisialta Craolacháin Fuaim agus Fís de chuid an Choimisiúin Chraolacháin. Is é Tomás Mac Con Iomaire an léiritheoir feidhmitheach.
Sa gclár seo, cloisfear Catholic University School, Sráid Líosain, Baile Átha Cliath.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Céadaoin, 30 Eanáir ag 8.30pm
Seo mo Scéal
A series where transition year students from around the country give insights into their lives and other stories. This series is financed by the BCI’s Special Sound and Vision Broadcasting Fund. Tomás Mac Con Iomaire is the executive producer.
Students from Catholic University School, Leeson Street, Dublin, are to be heard in this programme.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Wednesday, 30th January at 8.30pm
SBB Aniar
Fógrófar duaiseanna Ghlór na nGael ar an gclár speisialta seo á chur i láthair ag Seán Bán Breathnach. Breis agus €200,000 de dhuaiseanna atá i gceist sa chomórtas náisiúnta pobail seo a bhfuil sé mar sprioc aige forbairt agus caomhnú a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge. Bíonn coistí ó cheantair Ghaeltachta, coistí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht agus den chéad uair i mbliana, coistí idirnáisiúnta páirteach sa chomórtas. Is as ceantar an phríomhbhuaiteora a chraolfar beo an clár seo agus bronnfar €65,000 ar an gcoiste sin. Ach cá háit é sin? Bí ag éisteacht go gcloisfidh tú!
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé hAoine, 1 Feabhra ag 9.15am
SBB Aniar
Glór na nGael prizewinners will be announced in a special live programme this afternoon, hosted by Seán Bán Breathnach. With a prize fund of over €200,000 this community based competition aims to promote and maintain Irish language and culture and is open to entries from both Gaeltacht and non-Gaeltacht communities. A new category has been introduced this year for international entries and the main prizewinner stands to win €65,000. This special live broadcast is from the winning area…which will not be revealed until the big day!…
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Friday, 1st February at 9.15am.