Beidh An Taobh Tuathail Vol 1, CD nua, curtha i dtoll a chéile ag Cian Ó Cíobháin, seolta ag deireadh na míosa seo…
Oícheantaí Seolta – Lúnasa 2007
Dé hAoine, 24 Lúnasa – Róisín Dubh, Gaillimh
Doirse ó 9.30pm ar aghaidh
Craoladh beo ar Anocht fm/RTÉ Raidió na Gaeltachta 11pm – 1am
Ticéid 12.50E /10E baill ó www.roisindubh.net
Dé Sathairn, 25 Lúnasa – Sugar Club, Baile Átha Cliath
Doirse ó 8pm go dtí 11pm
Ticéid 15E, ar fáil ó www.tickets.ie, chomh maith le City Discs, Pluggd Records agus Road Records.
Tá An Taobh Tuathail ag craoladh scoth an cheoil ó thimpeall na cruinne ar RTÉ Raidió na Gaeltachta/ANOCHT fm ó 1999.
Is é Cian Ó Cíobháin, ó Chiarraí Thiar ó dhúchas, a láithríonn ATT gach oíche ó Luan go hAoine, 11pm-1am.
“Is minic d’éisteoirí fiafraí dom an mbeadh fonn orm cuid den gceol a chastar ar an gclár a bhailiú ar dhlúthdhiosa”, a deir Ó Cíobháin.
“Nuair a luaigheas é seo aon lá le Keith Downey, ceannasaí lipéid Psychnoavigation Records, bhearthaíomarr ar chéad-dhiosca An Taobh Tuathail a eisiúnt.”
“Castar réimhse leathan ceoil ar an gclár. Cur i gcás, casaim ceol leictréonach os na clubanna ar an gclár ag fáisceadh leis an deireadh seachtaine. Ach do An Taobh Tuathail I, dhírios ar an gcineál ceoil machnamhach a chasaim ag tús na seachtaine” a deir an Cíobhánach.
“Bheartaíos ar rianta a roghnú go bhfuil gean ar leith agam dóibh le fada, i bhfocail eile rianta a chreidim a sheasóidh lorg na h-aimsire.”
Mar sin, tá pop-cheol sicídealach Ariel Pink le clos taobh le poirt áille leithidí Felix Laband, OST agus Fug ar an dlúthdhiosca, gan trácht ar dhá demo ó na léiritheoirí Heftord & Beatpoet atá bunaithe i gCathair na dTreabh agus ná raibh eisithe go dtí seo.
“Tugann Anocht fm lántacaíocht do chraoladh an nua-cheoil ó thimpeall an domhain,” a deir Seán Ó hEanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár na seribhíse.
“Creidimíd go mbeidh éisteoirí rialta an chláir fíor-shásta leis an dlúthdhiosca agus go meallfaidh sé eisteoirí nua chun an chláir”.
Beidh an CD, An Taobh Tuathail Vol 1, á sheoladh ag deireadh mhí Lúnasa le dhá choirmceoil i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath leis na grúpaí Cane 141 & Chequerboard, atá le clos an an dlúthdhiosca.
Beidh said ar an ardán sa Róisín Dubh, Dé hAoine 24ú Lúnasa agus sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath ar Satharn 25ú.
Is féidir an dlúthdiosca a ordú ó http://www.psychonavigation.com/antaobhtuathail.html