Samhradh 2007 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Ciarán Ó Maonaigh Image Name: Ciarán Ó Maonaigh Description: Ceolta Chiaráin Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.

Samhradh 2007 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuirfear tús le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Luan 11 Meitheamh 2007.   Sceideal dhá sheachtain déag atá beartaithe a leanfas ó lár mhí an Mheithimh go dtí an 3 Meán Fómhair. 

I measc na gcláracha nua ceoil atá á bhfógairt sa sceideal úr, tá Ceolta Chiaráin, á chur  i láthair ag an bhfidléir óg Ciarán Ó Maonaigh a bhain Gradam Cheoltóir Óg TG4 i 2003.  Garmhac leis an gceoltóir iomráiteach Proinsias Ó Maonaigh, nach maireann, seo é an chéad uair ag Ciarán clár raidió a láithriú agus beidh rogha breá ceoil le cloisteáil ar an gclár. 
 
Díreoidh an fliúiteadóir iomráiteach Marcus Ó Murchú ar cheoltóirí agus ar chainteoirí in iarthar Chúige Uladh sa chlár Turas Ceoil gach Luan ag 7pm.   Fillfidh an clár laethúil Binneas Béil arís an samhradh seo mar a gcuireann Dara Ó Cinnéide a rogha ceoil inár láthair ó Luan go hAoine.  Cuirfidh Seosamh Ó Cuaig a rogha féin den cheol dúchais faoinár mbráid sa chlár Dúchas an Ceoil gach Céadaoin ag 1.30pm. 
 
Cloisfear meascán ceoil ó na tíortha Ceilteacha agus níos faide anonn sa chlár Ceol na gCeilteach á chur i láthair ag Áine Hensey san oíche Dé Céadaoin agus beidh meascán ceoil idir shean agus nua sa chlár Tobar an Cheoil, á chur i láthair ag Bríd Ní Chualáin san oíche Déardaoin. 

Ceol  traidisiúnta, á chur i láthair ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Rinn ag an gceoltóir Mac Dara Mac Donnchadha, atá i gCois Mara Thoir sa Rinn gach Céadaoin ag 8pm.  Beidh réimse leathan de cheol na hÉireann agus den cheol idirnáisiúnta le cloisteáil ar an gclár I gCeartlár an Cheoil faoi stiúir Chiaráin Uí Fhátharta gach maidin Déardaoin agus Aoine.  Beidh Ciarán le cloisteáil arís san oíche Dé Sathairn ag meánoíche leis an gclár ceol tíre Tequila Tíre.  Sa chlár Ceolta Thar Lear, gach tráthnóna Aoine ag 8pm, cuirfidh Éamon Ó Catháin ceol agus amhráin an domhain mhóir inár láthair.

Craolfar sraith nua cláracha dar teideal Coláiste Íosagáin Bhaile Bhuirne: 1940 – 1989 ag tosú Dé Máirt 12 Meitheamh ag 6.30pm.  Sa chéad chlár den tsraith nua, déanann Liam Ó hÉigeartaigh, staraí agus iarchigire scoile cur síos ar chúlra staire na gcoláistí ullmhúcháin.  Is í Máire Ní Chéilleachair an léiritheoir.      

Filleann an tsraith Ceann Cúrsa  don samhradh – sraith cláracha a rinne grúpa a d’fhreastail ar chúrsa oiliúna a eagraítear gach bliain i gcomhar le Europus, Údarás na Gaeltachta, GMIT, HETAC agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Cloisfear Máire Úna Ní Bheaglaoich faoi agallamh ag Máire Ní Fhinneadha sa chéad chlár den tsraith nua.  Sa chlár seachtainiúil Siúlach Scéalach, cloisfear Davy Ó Coisdealbha, idir mhagadh agus dáiríre, ag caint agus ag comhrá le daoine éagsúla faoi nithe éagsúla. 

Beidh roinnt cláracha seanbhunaithe samhraidh ag filleadh chomh maith, ina measc Reacaireacht an Tráthnóna, le tuairiscí spóirt agus tráchtaireacht ar chluichí áitiúla agus náisiúnta, mar aon le neart ceoil agus craic.  Cuirfidh Rannóg Spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta tráchtaireacht agus tuairiscí ar fáil i gcaitheamh an tsamhraidh ar Chraobh Chomórtas Peile Bhanc na hÉireann agus ar Chraobh Chomórtas Iomána Guinness.  Beidh béim ar leith ar Chontaetha Gaeltachta sa gclúdach – Ciarraí, Dún na nGall, Corcaigh, Gaillimh, Co. na Mí, Port Láirge agus Maigh Eo ach ní dhéanfar dearmad ar na cluichí eile áfach, agus beidh tráchtaireacht freisin ar phríomhchluichí peile agus iomána na gcúigí.

Leanfaidh na hirischláracha réigiúnacha le linn an tsamhraidh le hIris Aniar as Casla, I gCeartlár na nDaoine as Caisleán an Bharraigh, Barrscéalta as Na Doirí Beaga agus An Saol ó Dheas as Baile na nGall.

Craolfar An Samhraidh Thoir as Baile Átha Cliath gach Aoine le caint, ceol agus craic an tsamhraidh á chur i láthair ag Seán P. Ó hÉalaí agus Cearbhall Ó Síocháin.  Craolfar clár cúrsaí reatha An tSeachtain Seo as Baile Átha Cliath gach tráthnóna Déardaoin, á chur i láthair ag Eoin Ó Murchú.

Cuirfear tús le sraith nua cláracha Scríbhneoirí Faoi Chaibidil  ar an Luan 11 Meitheamh agus athmheas agus plé úr á dhéanamh ar na scríbhneoirí agus ar an litríocht is mó a chuir comaoin ar thraidisiún liteartha na Gaeilge.  Is í an file iomráiteach Nuala Ní Dhomhnaill a bheas faoi chaibidil ag painéal cainteoirí sa chéad chlár, faoi chathaoirleacht Alan Titley.  Craoladh an tsraith seo níos túisce i mbliana ar RTÉ Raidió a hAon.

Beidh seans ag éisteoirí scoth na gcláracha ón tsraith Dúchas a chloisteáil in athuair gach maidin Domhnaigh ag 10am.  Taifeadadh an tsraith seo sa bhliain 2000 i gceantair imeallacha i nGaeltacht Thír Chonaill le daoine nár cluineadh rómhinic ar an raidió agus iad ag caint ar a saol agus ar stair a gceantair. 

Beidh scoth na gcláracha ón tsraith Leagan na mBan a craoladh i 2003 le cloisteáil gach maidin Domhnaigh ag 10.30am agus is í Síle Tim Ní Fhátharta agus a hiníon Éilis Lennon a bheas i gcuideachta Bhríd Ní Chualáin ar an gcéad chlár.   

Beidh an dara seans léachtaí agus imeachtaí cultúrtha ó cheann ceann na tíre a chloisteáil sa tsraith Oideas agus Oidhreacht gach Satharn ag 10am agus ar an Luan ag 8pm.   Craolfar an tsraith Séasúr na Faisnéise arís le linn an tsamhraidh ar an Domhnach ag 1.10pm agus déanfar athchraoladh ar na cláracha Ar an Imeall, Cuartaíocht in Árainn, Focail Chlóite agus Creidim gach Máirt ag 1.30pm.   

Leanfaidh Nead na Fuiseoige, Béal Maidne, Cartlann Bhóthar na Léinsí, Togha agus Rogha, Cas Ceirnín, Cuideachta, Camchuairt,  Seó Beo an tSathairn, Lán a’ Mhála agus Rogha na Seachtaine le linn an tsamhraidh mar aon le cláracha ANOCHT fm.  Beidh an dara seans ag éisteoirí scoth na gcláracha ón tsraith Laighneach, Glór Anoir a chloisteáil chomh maith leis an scoth ó na sraitheanna Guth Mhúscraí, Bailiúchán Bhairbre, Sruth na Maoile, Siar is Aniar agus Focal Faire.

Beidh An Ródaí nua ag freastal ar mhórfhéilte an tsamhraidh, ina measc Féile Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Rásaí na Gaillimhe agus Fleadh Cheoil na hÉireann.

Leanfar den tseirbhís chuimsitheach nuachta agus spóirt a sholáthraíonn RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn an tsamhraidh.