TORTHAÍ PHOBALBHREITH TNS mrbi i nDÁILCHEANTAR DHÚN NA nGALL THIAR THEAS
An Phobalbhreith seo
TNS mrbi a thug faoin bpobalbhreith seo i ndáilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas ar choimisiún ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tugadh faoin bpobalbhreith ar an mbonn seo: Labhair TNS mrbi le 500 faisnéiseoir, a bhí ionadaíoch ar thoghlach Dhún na nGall Thiar Theas trí chéile, go díreach agus ina dtithe féin, ar 50 láthair shamplaithe ar fud an dáilcheantair.
Rinneadh an dáilcheantar a rangú ina gceithre mhórthoghroinn agus rinneadh dealú de réir aoise is inscne. Tugadh faoin obair pháirce idir 2 agus 18 Aibreán, 2007.
Cuireadh an suirbhé i gcrích de réir chaighdeáin ghairmiúla agus chleachtais eitice AIMRO, An Cumann Margaíochta agus ESOMAR (Cumann Eorpach).
Dún na nGall Thiar Theas
Dáilcheantar trí shuíochán Dún na nGall Thiar Theas. Rinneadh athrú amháin ar theorainneacha an dáilcheantair ó bhí olltoghchán na bliana 2002 ann.
Aistríodh ceithre thoghcheantar a bhain le Dún na nGall Thoir Thuaidh chun an dáilcheantair seo ó thoghcheantar Shrath an Urláir (Cluain Lao Thuaidh, Cluain Lao Theas, Fiogart, Ráth Bhoth). Is iad na Teachtaí Dála reatha Mary Coughlan (FF), Pat the Cope Gallagher (FF), Dinny McGinley (FG).
Torthaí na pobalbhreithe
Léiríonn torthaí na pobalbhreithe seo a choimisiúnaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta le TNS MRBI gur móide go dtoghfaí Máire Ní Chochláin ar an gcéad chomhaireamh agus go gcuideodh a cuid vótaí aistriúcháin sise le Pat the Cope Ó Gallchóir an dara suíochán a bhaint.
Bheadh an tríú suíochán idir dhá cheann na meá idir Piaras ó Dochartaigh (Sinn Féin) agus Donnchadh Mac Fhionnlaoich (Fine Gael) agus beidh dianchoimhlint idir Pearse Doherty (SF) agus Dinny McGinley (FG) don suíochán deireanach sa dáilcheantar seo.
Ina dhiaidh sin féin tá líon mór vótóirí sa dáilcheantar seo fós le cinneadh a dhéanamh maidir lena gcuid vótaí. Tá 13% den toghlach nach bhfuil a fhios acu go fóill faoin dóigh a gcaithfidís vóta agus tá suas le 12% eile den toghlach nach raibh sásta a thabhairt le fios dúinn cén chaoi a vótálfaidís nó go deimhin nach gcaithfidh vóta ar chor ar bith.
VÓTAÍ CÉADROGHA & DARA ROGHA – gliogáil anseo
Ceisteanna mórshuntais
Mar chuid den phobalbhreith seo cuireadh ceist ghinearálta ar na daoine a ndearnadh suirbhé orthu faoi na hábhair is mó a bhí ar a n-aire agus an t-olltoghchán ar na bacáin.
Dúirt ceathracha a sé faoin gcéad (46%) de na daoine a ceistíodh go raibh cúram sláinte agus cúrsaí ospidéil ar an gceist is mó a bhí ar a n-aire.
Cúrsaí bóithre an dara ceist is mó a bhí ag cur as don phobal i nDún na nGall Thiar Theas. Bhí an cheist seo ina hábhar imní ag 30% de na daoine a ceistíodh agus tagraíodh go háirithe do cheist na sábháilteachta ar na bóithre (17%).
Ábhar mórshuntais eile ná cúrsaí fostaíochta – bhí fiche a naoi faoin gcéad (29%) de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu ag déanamh imní faoi na hábhair sin.
Saincheist – Teorainneacha Gaeltachta
Cuireadh ceist shonrach maidir le hathbhreithniú atá á dhéanamh ag an rialtas ar cé mar a leagtar amach teorainneacha na Gaeltachta. Is í an fhoclaíocht a úsáideadh:
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an rialtas ar cé mar a leagtar amach teorainneacha na Gaeltachta. Dá mba rud é gurb é toradh na hathbhreithnithe seo go laghdófaí an Ghaeltacht i nDún na nGall Thiar Theas, an mbeifeá:
• Ina fhabhar?
• Ina aghaidh?
• Ní bhaineann an cheist seo liomsa
• Níl a fhios/gan tuairim
Toradh na Pobalbhreithe
Bheadh beagán os cionn trí ceathrú cuid den 55% a bhfuil tuairim acu faoin gceist seo in aghaidh laghdú ar theorainneacha na Gaeltachta i nDún na nGall Thiar Theas (42% de thoghthóirí). Bheadh beagán faoi bhun an ceathrú cuid ina fhabhar (13% de thoghthóirí).
• Ina fhabhar? 13%
• Ina aghaidh? 42%
• Ní bhaineann an cheist seo liomsa 33%
• Níl a fhios/gan tuairim 12%