TORTHAÍ PHOBALBHREITH TNS mrbi i nDÁILCHEANTAR CHORCAIGH THIAR THUAIDH

An Phobalbhreith seo

TNS mrbi a thug faoin bpobalbhreith seo i gceithre cheantar éagsúil de dháilcheantar Chorcaigh Thiar Thuaidh ar choimisiún ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
  
Tugadh faoin bpobalbhreith ar an mbonn seo: Labhair TNS mrbi le 500 faisnéiseoir a bhí ionadaíoch ar thoghlach Chorcaigh Thiar Thuaidh trí chéile, go díreach agus ina dtithe féin, ar 50 láthair shamplaithe ar fud an dáilcheantair.  Rinneadh an dáilcheantar a rangú ina ceithre mhórthoghroinn agus rinneadh dealú de réir aoise is inscne.  

Is iad na ceantair sin Baile an Chollaigh, Maigh Chromtha, ceantair thuaithe Dhroichead na Bandan / Dún Mánmhaí atá i ndáilcheantar Chorcaigh Thiar Thuaidh agus Ceann Toirc / Mala / Sráid an Mhuilinn.

Tugadh faoin obair pháirce idir 26 Márta agus 17 Aibreán, 2007. Cuireadh an suirbhé i gcrích de réir chaighdeáin ghairmiúla agus chleachtais eitice AIMRO, An Cumann Margaíochta agus ESOMAR (Cumann Eorpach).
 
Corcaigh Thiar Thuaidh

Dáilcheantar trí shuíochán é Corcaigh Thiar Thuaidh.  Is iad na Teachtaí Dála reatha Michael Moynihan (FF), Donal Moynihan (FF) agus Gerard Murphy (FG).  Táthar ag súil go seasfaidh na hiarrthóirí seo a leanas freisin sa dáilcheantar; Martin Coughlan (Lucht Oibre), Michael Creed (FG) agus Batt O’Keeffe (FF).  Is Teachta Dála é Batt O’Keeffe i ndáilcheantar Chorcaigh Lár Theas i láthair na huaire. 

Ó bhí olltoghchán na bliana 2002 ann athraíodh teorainneacha dháilcheantar Chorcaigh Thiar Thuaidh de réir an Acht (Leasú) Toghchánaíochta 2005, agus tá pobal cheantar Bhaile an Chollaigh aistrithe anois ann ó dháilcheantar Chorcaigh Lár Theas.  Bunaithe ar na trí shuíochán, 25% de líon bailí na vótaí a chaithfear an cuóta.      

Torthaí na pobalbhreithe

I bhfianaise thorthaí na pobalbhreithe seo is cinnte go dtoghfaí Michael Creed (FG) ar an gcéad chomhairimh agus go bhfaigheadh sé ar ais an suíochán a chaill sé i 2002 óna chomhleacaí Gerard Murphy (FG). 

Is rí-dheacair a thuar cé a bhainfidh an dá shuíochán eile óir as an 500 a ceistíodh, ní raibh a n-intinn déanta suas ag 30% díobh.  Tá an chuma ar an scéal go gcuirfear Donal Moynihan as an áireamh agus má tharlaíonn sé seo lá an toghcháin, dáilfear aistriúcháin luachmhara ar Mhichael Moynihan (FF) agus ar Bhatt O’Keeffe (FF) a chinnteodh go dtoghfaí in athuair iad.  Dá réir seo, ní bheadh aon athrú ar líon na suíochán a bheadh ag na páirtithe polaitiúla sa toghcheantar ach bheadh athrú ó bhonn ar na pearsana a thoghfaí. 

Beidh dianchoimhlint sa tréimhse roimh an olltoghchán i gceantair thuaithe Dhroichead na Bandan agus Dhún Mánmhaí atá i ndáilcheantar Chorcaigh Thiar Thuaidh óir níl a n-intinn déanta suas ag 35% den phobal vótála go fóill.  Tá an pátrún céanna le sonrú i mBaile an Chollaigh agus 26% den phobal vótála nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu fós.

VÓTAÍ CÉAD & DARA ROGHA  – gliogáil anseo

Ceisteanna mórshuntais

Is í ceist na seirbhísí sláinte agus ospidéil (50%) an cheist mhórshuntais is mó ar aire vótóirí Chorcaigh Thiar Thuaidh i láthair na huaire.

Ceisteanna a bhaineann le cúrsaí costais mhaireachtála agus boilscithe an dara ceist is mó (27%) ar aire an phobail i Chorcaigh Thiar Thuaidh agus tá imní mhór faoi cheist na mbóithre freisin (25%) le beagán os cionn an cúigiú cuid den phobal (21%) an-imníoch faoi chúrsaí sábhailteachta bóthair agus an líon daoine atá á marú i dtimpistí bóthair.

Saincheist – Teorainneacha Gaeltachta

Cuireadh ceist shonrach maidir le hathbhreithniú atá á dhéanamh ag an rialtas ar cé mar a leagtar amach teorainneacha na Gaeltachta.  Is í an fhoclaíocht a úsáideadh:

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an rialtas ar cé mar a leagtar amach teorainneacha na Gaeltachta.  Dá mba rud é gurb é toradh na hathbhreithnithe seo go laghdófaí an Ghaeltacht i gCorcaigh Thiar Thuaidh, an mbeifeá:

• Ina fhabhar?

• Ina aghaidh?

• Ní bhaineann an cheist seo liomsa

• Níl a fhios/gan tuairim

Toradh na Pobalbhreithe

Bheadh beagnach trí ceathrú cuid den 41% a bhfuil tuairim acu faoin gceist seo in aghaidh laghdú ar theorainneacha na Gaeltachta i gCorcaigh Thiar Thuaidh (30% de thoghthóirí). 

Bheadh beagán os cionn an ceathrú cuid ina fhabhar (11% de thoghthóirí). 

• Ina fhabhar?    11%

• Ina aghaidh?    30%

• Ní bhaineann an cheist seo liomsa  44%

• Níl a fhios/gan tuairim   15%