Gradaim Chumarsáide an Oireachtais bronnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Image Name: Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Description: Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.

Bhronn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, trí cinn de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar chraoltóirí RTÉ Raidió na Gaeltachta in Óstán Clanree, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar an Aoine 13 Aibreán le linn fhéile Oireachtas na Cásca, 12 – 15 Aibreán. 

Tugann na gradaim seo aitheantas do iriseoirí agus do chraoltóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge, sna meáin fhuaime, fhíse agus chlóite.

Ar fhoireann an chláir chúrsaí reatha Seó Beo an tSathairn a bronnadh an gradam Clár Raidió na Bliana.  Is í Brídóg Ní Bhuachalla a láithríonn an clár agus dírítear ar na scéalta móra atá ag dó na geirbe ag an bpobal trí chéile.  Déanann sí cathaoirleacht ar phainéal aíonna agus iad ag cíoradh na bpríomhscéalta i nuachtáin an lae.  Is é Cearbhall Ó Síocháin an léiritheoir agus bíonn Andrea Ní Bhroin ag obair ar an gclár freisin. 

Bronnadh gradam Pearsa Raidió na Bliana ar an láithreoir Rónán Mac Aodha Bhuí a chuireann an clár RónánBeo@ 3 i láthair beo ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga ó Mháirt go hAoine.  Bíonn gach ábhar faoin spéir ag Rónan ar an gclár seo agus é idir shúgradh is dáiríre faoi chúrsaí an tsaoil – ina measc siamsaíocht agus comórtais, ceoltóirí beo sa stiúideo, scéalta an tsaoil, cúlchaint faoi na réalta móra, luibheanna agus leigheasanna agus an cor is deireanaí i saol Mhary Aggie.  Cuireann sé an clár Géill Slí i láthair gach oíche Luan ar ANOCHT fm, seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta don óige. 

Is ar Eoin Ó Murchú, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta a bronnadh gradam Colúnaí na Bliana dá cholún rialta ar an nuachtán Lá Nua.  Ball sinsearach d’fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá sé lonnaithe i dTeach Laighean agus é ina Chathaoirleach ar ghailearaí preas an Oireachtais.  Tá tuiscint dhomhain aige ar an stair agus ar an bpolaitíocht chomhaimseartha agus colúin scríofa aige in imeacht na mblianta do fhoilseacháin ar nós Magill, The Village, Foinse agus Lá.

 “Is cúis áthais dúinn go bhfuil gradaim chumarsáide á mbronnadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta arís i mbliana” arsa Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

“Tá tábhacht faoi leith ag baint le haitheantas dá leithéid i mbliana agus muid ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód agus léiríonn na gradaim seo go bhfuil seirbhís d’ardchaighdeán á soláthar againn. 

Déanaim comhghairdeachas le foireann Seó Beo an tSathairn, príomhchlár chúrsaí reatha an deireadh seachtaine; le Rónán Mac Aodha Bhuí,  láithreoir an chláir RónánBeo@ 3 agus craoltóir fuinniúil ar ANOCHT fm; agus le hEoin Ó Murchú, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhain gradam cholúnaí na bliana.  Tréaslaím a ngradam leo go léir. 

Go mba fada buan iad.”

Sheol Gearóid Ó Tuathaigh, Cathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta an Ródaí nua maidin Dé hAoine, 13 Aibreán agus i measc na gcláracha a craoladh beo ón áis nua seach-chraoltóireachta le linn na féile, bhí Barrscéalta, RónánBeo @ 3 ar an Déardaoin & an Aoine agus Seó Beo an tSathairn. 

Den chéad uair riamh bhí an Fhéile Phan-Cheilteach ar siúl an tseachtain chéanna le hOireachtas na Cásca agus mheall sé seo na sluaite go Leitir Ceanainn.  Craoladh Aifreann an Oireachtais beo ó Ardeaglais Naomh Adhamhnáin ar an Domhnach.