Seachtain 14 – Scoth Chláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta: Dé Sathairn 31 Márta – Dé hAoine 6 Aibreán 2007

RTÉ Raidió na Gaeltachta Image Name: RTÉ Raidió na Gaeltachta Description: Ardtráthnóna / Oideas & Oidhreacht Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Seosamh Ó Cuaig Image Name: Seosamh Ó Cuaig Description: Séasúr na Faisnéise - Joe Mór Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Connaught Rangers Image Name: Connaught Rangers Description: Séasúr na Faisnéise - Na Connaught Rangers Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.
Máirtín Tom Sheáinín Image Name: Máirtín Tom Sheáinín Description: Ardtráthnóna Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.

Sracshúil / At a Glance

• CREIDIM – Cíorann an clár seo cúrsaí creidimh agus cúrsaí an tsaoil agus in eagrán na míosa seo beidh an spioradáltacht dúchais faoi chaibidil ag an Dr Lillis Ó Laoire i gcuideachta Sheosaimh Uí Chuaig.
 
This month’s edition of the programme explores native spirituality.  Seosamh Ó Cuaig is joined by Dr Lillis Ó Laoire who was appointed earlier this year as a lecturer with Scoil na Gaeilge at the National University of Ireland, Galway.

• SIAR IS ANIAR – Sraith cláracha ceoil ina gcaitheann SBB súil siar ar shaothar ceoil na gceoltóirí agus na mbannaí is tábhachtaí in Éirinn agus thar lear le deich mbliana fichead anuas. Anocht: The Smiths

SBB presents this hour long music documentary featuring music greats of the past thirty years or so, Irish and otherwise. Tonight: The Smiths

• SÉASÚR NA FAISNÉISE – NA CONNAUGHT RANGERS  Bunaithe ar cháipéisí cartlainne Arm na Breatainne, insíonn an clár seo scéal na bhfear óg as Conamara a liostáil ar an Rinn Mhór, Gaillimh le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
 
Based on British Army archive material, this documentary tells the story of five young Connemara men who enlisted in the Connaught Rangers during the First World War.

• ARDTRÁTHNÓNA –  Eagrán speisialta den chlár agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu, á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha.

A special edition of the programme to commemorate RTÉ Raidió na Gaeltachta ’s 35 years on air. 

• OIDEAS & OIDHREACHT –  Cloistear léachtaí, léitheoireachtaí filíochta agus imeachtaí cultúrtha ó cheithre chúige na tíre ar an gclár seo.  Craolfar eagrán comórtha den chlár anocht faoi RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu

This culture and heritage series focuses on lectures, poetry readings and other cultural events from all four provinces.  Tonight’s programme commemorates RTÉ Raidió na Gaeltachta who are celebrating 35 years on air today.

• SEARMANAIS NA CÁSCA –  Craolfar searmanas na Páise beo ó Theach Pobail Chríost Rí i nGort a ‘Choirce, Tír Chonaill ag 3pm, Aoine an Chéasta. 

Easter ceremonies will be broadcast live from Teach Pobail Chríost Rí, Gort a ‘Choirce, Tír Chonaill, commencing on Good Friday at 3pm.

_______
CREIDIM
Cíorann an clár seo cúrsaí creidimh agus cúrsaí an tsaoil agus in eagrán na míosa beidh an spioradáltacht dúchais faoi chaibidil.  I gcuideachta Sheosaimh Uí Chuaig ar an gclár, beidh an Dr Lillis Ó Laoire a chuaigh i mbun a chuid dualgas mar léachtóir in Ollscoil na hÉireann na Gaillimhe níos túisce i mbliana.  I measc na gcúrsaí atá á dteagasc ag an Dr Ó Laoire tá cúrsaí ar an seanscéal, an fhinscéal, an mhiotaseolaíocht, reiligiún agus an béaloideas do lucht na chéad bhliana sa tSibhialtacht Cheilteach.  Bíonn sé ag léachtóireacht freisin ar an bhFiannaíocht agus ar litríocht Ghàidhlig na hAlban.      
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Sathairn 31 Márta ag 1.30pm

CREIDIM
This month’s edition of the programme explores native spirituality.  Seosamh Ó Cuaig is joined by Dr Lillis Ó Laoire who was appointed earlier this year as a lecturer with Scoil na Gaeilge at the National University of Ireland, Galway.  Courses taught by Dr Ó Laoire include ancient storytelling, mythology, religion and folklore to first year students of Celtic Civilisation.  He also lectures on the Fenian Cycle and the literature of Scots Gàidhlig.  
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Saturday 31st March at 1.30pm

_____________
SIAR IS ANIAR

Is iad an grúpa mór ó na hochtóidí The Cure a bheas faoi chaibidil i gclár na hoíche anocht den tsraith ina gcaitheann SBB súil siar ar shaothar ceoil na gceoltóirí agus na mbannaí is tábhachtaí in Éirinn agus thar lear le deich mbliana fichead anuas, ina measc The Beatles, Simon & Garfunkel, Motown, The Stone Roses agus go leor eile.  Roghnóidh Seán Bán ceoltóir nó grúpa gach seachtain agus inseofar scéal a saoil agus an chaoi a dtáinig fás agus forbairt ar a gcuid ceoil.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Sathairn, 31 Márta ag 11pm

SIAR IS ANIAR
Eighties band The Cure feature in tonight’s music documentary featuring music greats of the past thirty years or so, Irish and otherwise, including Simon & Garfunkel, Credence Clearwater Revival, The Stone Roses, Motown and much more. The presenter is Seán Bán Breathnach. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Saturday 31st March at 11pm 

____________________________________________
SÉASÚR NA FAISNÉISE – NA CONNAUGHT RANGERS

Bunaithe ar cháipéisí cartlainne Arm na Breatainne, insíonn an clár seo scéal na bhfear óg as Conamara a liostáil ar an Rinn Mhór, Gaillimh le linn an Chéad Chogadh Domhanda. 
Chonaic na fir óga seo crácamas agus cruatan an chogaidh agus ina measc siúd a mbeidh cur síos orthu sa chlár tá John Bradley as Poll Uí Mhuirinn, Leitir Mealláin, Joseph Naughton as Gleannán, Indreabhán, Joseph Folan as Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn, Thomas Conneely as Doire Fhearta, An Cheathrú Rua agus Coleman Walsh as an Sná Bó, Ros Muc.  Tá na fir seo curtha sa bhFrainc, ar an mBruach Thiar sa Phailistín agus in Alexandria na hÉigipte.  Is é an t-iarcheannfort airm Frank Reidy agus Mairéad Uí Chuaig a rinne taighde ar an gclár agus is í Mairéad Ui Chuaig a láithrigh agus a léirigh. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh, 1 Aibreán ag 1.10pm

SÉASÚR NA FAISNÉISE – NA CONNAUGHT RANGERS
Based on British Army archive material, this documentary tells the story of five young Connemara men who enlisted in the Connaught Rangers during the First World War.
They are John Bradley, Leitir Mealláin, Joseph Naughton, Indreabhán, Joseph Folan, Inis Mór, Thomas Conneely, An Cheathrú Rua and Coleman Walsh, Ros Muc. 
They served in all parts of the world, including Basra, Greece and France.  They endured the hardship of war – disease, mustard gas and the horror of trench warfare and are buried in France, Alexandria and Palestine. 
Research for this programme was by former Army Commandant Frank Reidy and presenter/producer Mairéad Uí Chuaig
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday 1st April at 1.10pm

______________
ARDTRÁTHNÓNA

Eagrán speisialta den chlár agus RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu, á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín Mac Donncha. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain 2 Aibreán ag 2.04pm

ARDTRÁTHNÓNA
Máirtín Tom Sheáinín presents a special edition of the programme to commemorate RTÉ Raidió na Gaeltachta ’s 35 years on air. 
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday 2nd April at 2.04pm 

____________________
OIDEAS & OIDHREACHT 
                                                         
Cloistear léachtaí, léitheoireachtaí filíochta agus imeachtaí cultúrtha ó cheithre chúige na tíre ar an gclár seo.  Craolfar eagrán comórtha den chlár anocht faoi RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh 35 bliain ar an bhfód inniu á chur i láthair agus á léiriú ag Seosamh Ó Cuaig.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Luain, 2 Aibreán ag 8pm

OIDEAS & OIDHREACHT
This culture and heritage series focuses on lectures, poetry readings and other cultural events from all four provinces.  Tonight’s programme commemorates RTÉ Raidió na Gaeltachta who are celebrating 35 years on air today.  The presenter/producer is Seosamh Ó Cuaig.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Monday 2nd April at 8pm 
 
__________________
SEARMANAIS NA CÁSCA

Craolfar searmanas na Páise beo ó Theach Pobail Chríost Rí i nGort a ‘Choirce, Tír Chonaill ag 3pm, Aoine an Chéasta.  Trí chuid atá sa cheiliúradh; liotúirge an bhriathair, adhradh na croise agus an chomaoineach.  Mar chuid de liotúirge an bhriathair tá cuntas Naomh Eoin ar pháis an Tiarna mar aon leis na hAchainní Móra.  Is é an tAthair Séan Ó Gallchóir an ceiliúraí.  Craolfar Aifreann na Cásca ón séipéal céanna maidin Domhnach Cásca
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Aoine an Chéasta, 6 Aibreán ag 3pm. Domhnach Cásca, 8 Aibreán ag 11.02am

SEARMANAIS NA CÁSCA
Easter ceremonies will be broadcast live from Teach Pobail Chríost Rí, Gort a ‘Choirce, Tír Chonaill, commencing on Good Friday at 3pm.  The celebration is in three parts – liturgy, including adoration of the cross and Communion.  The celebrant is Fr Séan Ó Gallchóir.  Easter Sunday Mass will be broadcast from the same church at 11.02am.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Good Friday, 6th April at 3pm.  Easter Sunday, 8th April at 11.02am.