Tá cúig dhuine dhéag ceaptha ar Chomhairle nua RTÉ Raidió na Gaeltachta, a fógraíodh ar an 27 Samhain 2006, faoi chathaoirleacht Ghearóid Uí Thuathaigh.
Is Ollamh le Stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh. Is iar-Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta (1996-1999) é agus bhí sé ar dhuine de chomheagarthóirí Pobal na Gaeltachta: a scéal agus a dhán a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2000.
Feidhmeoidh Comhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh téarma 3 bliana, agus í ag cur comhairle ar Údarás RTÉ maidir le gach gné dá mbaineann le polasaí craoltóireachta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Seo a leanas, liosta na mball:
Rónán Ó Dubhthaigh
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe.
Caitríona Bhreathnach
Oifigeach na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Antóin Delap
Aturnae, Baile Átha Cliath
Micheál Ó Gallchóir
Bainisteoir Oibriúcháin, Bia Ghaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall
Aoife Ní Scolaí
Iar-Ard-Rúnaí Gníomhach, Conradh na Gaeilge
Seosamh Ó Méalóid
An Mullach, Contae an Chabháin
Tomás Ó Cruadhlaoich
Príomhoide Mheánscoil na Toirbhirte, An Daingean, Contae Chiarraí
Seán Ó Sé
Iar-Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge, Corcaigh
Pádraig Ó Ceithearnaigh
Stiúrthóir Gníomhach, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Róisín Ní Mhainnín
Ros Muc, Contae na Gaillimhe
Seán Mac Donncha
Doire Fhatharta, An Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe
Áine Ní Chiaráin
Cúl na Gréine, Béal Easa, Contae Mhaigh Eo
Maighréad Uí Mháirtín
Cathaoirleach, Foras na Gaeilge
Anna Ní Ghallachair
Stiúrthóir, Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.
Is é Tomás Mac Con Iomaire, Iar-Cheannaire na seirbhíse, Rúnaí na Comhairle. Beidh toghchán ann le hionadaí foirne a thoghadh chun na Comhairle. Tagann an Chomhairle seo i bhfeidhm ar 27 Samhain 2006.
D’fháiltigh Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, roimh cheapadh na Comhairle nua:
‘Fáiltím go mór roimh an Chomhairle úr. Seo tréimhse thar a bheith tábhachtach ó thaobh chraoladh na seirbhíse agus reachtaíocht úr chraolacháin á plé san Oireachtas. Tá mé ag súil a bheith ag obair leis an Chathaoirleach, Gearóid Ó Tuathaigh, agus baill uile na Comhairle chun leas na seirbhíse.’
Tuilleadh Eolais: Máirín Mhic Dhonnchadha
Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fón: 091 506659 Fón Póca: 087 646 8731
rphost: poibliocht@rte.ie