Tuilleadh Eolais:
Máirín Mhic Dhonnchadha, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fón: 01 506659 Fón Póca: 087 646 8731
rphost: poibliocht@rte.ie
Sracshúil / At a Glance
• FOCAIL CHLÓITE – Beidh an cnuasach filíochta ‘Tostanna’ le hÁine Ní Ghlinn (Coiscéim) agus ‘Síolta an Iomais’ le Bríd Ní Mhóráin (Cló Iar-Chonnachta) faoi chaibideal in eagrán na míosa seo den chlár.
Two poetry collections are among the books under discussion in this month’s edition of the programme.
• BAILIÚCHÁN BHAIRBRE – Cuirfear tús le sraith nua dhá chlár déag an tseachtain seo ina gcraolfar ábhar a thaifead an tÁrainneach Bairbre Quinn née Ní Chonghaile (1935-1987) in Árainn agus i gConamara ó dheireadh na gcaogaidí go dtí na seachtóidí.
This new twelve part radio series features recordings made by Aran islander Bairbre Quinn née Conneely (1935-1987) from the late 1950s to the 1970s in Aran and Connemara.
• SÉASÚR NA FAISNÉISE: NA CURACHÓIRÍ – AN TÓSTAL, Clár 2 Sa dara clár sa tsraith seo, dírítear ar 1955 -1956 agus An Cheathrú Rua agus Seoighe Inis Bearachain chun cinn do Ghaillimh.
This second programme features 1955 – 1956 with Carraroe and the Seoighe of Inis Bearachain victorious for Galway.
• OIDEAS & OIDHREACHT – I gclár na hoíche anocht cloisfear caint a thug Feargal Mac Amhlaoibh ag Ceiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin an mhí seo caite agus é ag cur síos ar ‘Phort na bPúcaí’.
Feargal Mac Amhlaoibh’s comprehensive talk about ‘Port na bPúcaí’ and the development of music in general on the Blasket Islands, can be heard in tonight’s programme.
• AN SAOL Ó DHEAS – Craolfar eagrán speisialta den chlár beo ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Muileann i mBaile Bhuirne inniu agus tús oifigiúil á chur le hÉigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2006.
In this special edition of the progamme, we get a flavour of what is in store over the weekend as Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2006 is officially opened.
____________________________________________________
FOCAIL CHLÓITE
Beidh dhá bhunleabhar filíochta i measc na leabhar a bheidh faoi chaibideal in eagrán na míosa seo den chlár, á chur i láthair agus á léiriú ag Aogán Ó Muircheartaigh. Sin iad na cnuasaigh ‘Tostanna’ le hÁine Ní Ghlinn (Coiscéim) agus ‘Síolta an Iomais’ le Bríd Ní Mhóráin (Cló Iar-Chonnachta). Lena chois sin féachfar ar aistriúcháin atá déanta go Gaeilge ar shaothair eile agus atá foilsithe le gairid.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Sathairn 25 Samhain ag 1.30pm
FOCAIL CHLÓITE
Two poetry collections are among the books under discussion in this month’s edition of the programme, presented and produced by Aogán Ó Muircheartaigh. They are ‘Tostanna’ by Áine Ní Ghlinn (Coiscéim) and ‘Síolta an Iomais’ by Bríd Ní Mhóráin (Cló Iar-Chonnachta). Recent translations to Irish of other works will also be discussed.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Saturday 25th November at 1.30pm
____________________
BAILIÚCHÁN BHAIRBRE
Cuirfear tús le sraith nua dhá chlár déag an tseachtain seo ina gcraolfar ábhar a thaifead an tÁrainneach Bairbre Quinn née Ní Chonghaile (1935-1987) in Árainn agus i gConamara ó dheireadh na gcaogaidí go dtí na seachtóidí. Cosúil leis na bailitheoirí gairmiúla, thóraigh Bairbre ábhar seanda mar aon le sean-nós agus filíocht na háite. Thaifead sí ceol agus amhráin, caint na ndaoine agus iad sa teach, sa gcarr, ar an mbóthar, nó ag imirt chártaí, iad ag caint faoi amhráin, faoi aimsir, faoi bheithigh, faoi ghaolta, agus faoi bhainbh. Is í Deirdre Ní Chonghaile, iníon dearthár Bhairbre a rinne an taighde ar an gclár agus atá ag láithriú na sraithe. Is é Máirtín Jaimsie an léiritheoir.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh 26 Samhain ag 10.30am
BAILIÚCHÁN BHAIRBRE
This new twelve part radio series features recordings made by Aran islander Bairbre Quinn née Conneely (1935-1987) from the late 1950s to the 1970s in Aran and Connemara. Like professional collectors, Bairbre sought old material, sean-nós and local poetry. But she was not constrained by broadcasting or archiving duties. She also recorded music and songs, fireside conversations, everyday conversations about songs, weather, cattle, relations, banbhs, conversations on the road and card playing.
Deirdre Ní Chonghaile, Bairbre’s niece, researched and presents the programmes and the series producer is Máirtín Jaimsie.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday 26th November at 10.30am
___________________________________________________
SÉASÚR NA FAISNÉISE: NA CURACHÓIRÍ – AN TÓSTAL, CLÁR 2
Ba ar an 2 Bealtaine 1954 a cuireadh tús le rásaí curach an Tóstail i mBóthar na Trá, Gaillimh. Bhí draíocht ag baint leis na rásaí sin óir d’fhreastail na céadta míle duine ar na rásaí curach idirchontae a reachtáileadh idir 1954 agus 1960.
Labhrann Maidhc P Ó Conaola le cuid de na daoine a d’fhreastail ar na rásaí sin agus ar ndóigh ar na curachóirí cróga a shín agus a shearr iad féin sna curachaí canbháis. Sa dara clár dírítear ar 1955 -1956 agus An Cheathrú Rua agus Seoighe Inis Bearachain chun cinn do Ghaillimh.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Dé Domhnaigh 22 Deireadh Fómhair 2006 ag 1.10pm
SÉASÚR NA FAISNÉISE:NA CURACHÓIRÍ – AN TÓSTAL, CLÁR 2
In the second of four programmes, Maidhc P. Ó Conaola charts the success of the annual Tóstal festival held in Salthill, Galway in the mid to late fifties. It had a great impact on the thousands of people who attended each year from 1954 – 1960. In this four part documentary series, Maidhc P Ó Conaola talks to people who attended the festival during those years as well as to many of the curachmen. This second programme features 1955 – 1956 with Carraroe and the Seoighe of Inis Bearachain victorious for Galway.
RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA, Sunday 26th November at 1.10pm
____________________
OIDEAS & OIDHREACHT
I gclár na hoíche anocht cloisfear caint a thug Feargal Mac Amhlaoibh ag Ceiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin an mhí seo caite agus é ag cur síos ar ‘Phort na bPúcaí’. Tá seanchas iomráiteach ag baint leis an bpíosa áirithe ceoil seo agus mar a tháinig sé chugainn ó na Blascaodaí agus is fada le clos é in iarthar Dhuibhneach agus é anois scaipthe ar fud an domhain. Bhíodh pobal an Bhlascaoid le clos go minic ag seinnt an phíosa áirithe ceoil seo, agus a stíl féin ag gach duine acu. Tá ‘Port na bPúcaí’ ceangailte go dlúth le hInis Mhic Aoibhleáin agus de réir an tseanchais is ceol sí atá ann. Tugann Feargal Mac Amhlaoibh cur síos cuimsitheach ar an bport seo agus ar fhorbairt an cheoil i gcoitinne ar na Blascaodaí sa léacht seo a chraolfar anocht.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Dé Luain 27 Samhain ag 8pm
OIDEAS & OIDHREACHT
Feargal Mac Amhlaoibh gave a talk at Ceiliúradh an Bhlascaoid in Dún Chaoin last month about the well known piece of music or tune ‘Port na bPúcaí’. There is much lore attached to this particular piece of music – how it emanated from the Blaskets to west Kerry and has now spread worldwide. Blasket people all had their own particular way of playing this tune and it has long been associated with Inishvickillane and, according to legend, it is a fairy tune. Feargal Mac Amhlaoibh’s comprehensive talk about Port na bPúcaí and the development of music in general on the Blasket Islands can be heard in tonight’s programme.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Monday 27th November at 8pm
________________
AN SAOL Ó DHEAS
Craolfar eagrán speisialta den chlár beo ó stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sa Muileann i mBaile Bhuirne inniu agus tús oifigiúil á chur le hÉigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2006. Seo é an ceathrú bliain déag don Éigse a bheith ar bun anois i gcuimhne ar an iriseoir agus ar an amhránaí Diarmaid Ó Súilleabháin ó Chúil Aodha a fuair bás go tragóideach cothrom an ama seo sa bhliain 1991. Leanfaidh an Éigse ón Aoine 1 Nollaig go dtí an Domhnach 3 Nollaig. Sroichfear buaicphointe na héigse san oíche Dé Sathairn le ceolchoirm mhór na deireadh seachtaine. Beidh blaiseadh den éigse le clos ar chlár an lae inniu á chur i láthair ag Pádraig Ó Sé agus á leiriú ag Dara Ó Cinnéide.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Dé hAoine, 1 Nollaig ag 12.08pm
AN SAOL Ó DHEAS
Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin 2006 takes place in Muskerry from 1st – 3rd December and celebrates the life and times of journalist and singer Diarmuid Ó Súilleabháin who died tragically at this time in 1991. The Éigse is into its fourteenth year now and the highlight of the weekend is the concert on Saturday night. In this special edition of the progamme, we get a flavour of what is in store as the weekend Éigse kicks off. The presenter is Pádraig Ó Sé and the producer is Dara Ó Cinnéide.
RTÉ RAIDIO NA GAELTACHTA, Friday 1st December at 12.08pm
WEB LINK: www.rte.ie/rnag