Ceithre cinn de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais bronnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Image Name: Description: Copyright:

Tuilleadh Eolais
Máirín Mhic Dhonnchadha, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fón:  091 506659     Fón Póca:  087 646 8731
rphost:  mairin.mhicdhonnchadha@rte.ie


Ceithre cinn de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais
bronnta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta


Bronnadh ceithre cinn de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar chraoltóirí RTÉ Raidió na Gaeltachta in Óstán Brandon, Trá Lí ar an Aoine 12 Bealtaine le linn féile Oireachtas na Bealtaine.  Tugann na gradaim seo aitheantas do iriseoirí agus do chraoltóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge, sna meáin fhuaime, fhíse agus chlóite.


Bhí An Ródaí i láthair i dTrá Lí agus craoladh An Saol ó Dheas agus clár speisialta ‘Gradaim Chumarsáide an Oireachtais’ ag ar an Aoine 12 Bealtaine, Seó Beo an tSathairn agus Togha agus Rogha ar an Satharn 13 Bealtaine agus Aifreann an Oireachtais beo ó Shéipéal na nDoiminiceánach, Trá Lí, ar an Domhnach.


Thug Leascheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dónall Ó Braonáin, Léacht an Oireachtais 2006 dar teideal Máirtín Ó Cadhain agus dioscúrsa an dúchais.


Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2006 ar an scríbhneoir, múinteoir, iriseoir agus craoltóir aitheanta Liam Mac Con Iomaire.  I measc na saothar ó pheann Liam, tá beathaisnéis an scríbhneora agus an chraoltóra Breandán Ó hEithir Iomramh Aonair, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta i mbliain an dá mhíle, agus beidh beathaisnéis an amhránaí cháiliúil as Carna i gConamara, Seosamh Ó hÉanaí, ag dul chuig na clódóirí uaidh go gairid.  Cuireann sé an clár Leagan Cainte i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár a bhfuil an-tóir ag éisteoirí air, ina gcíortar nathanna, focla agus leaganacha cainte na Gaeilge. 


Ar fhoireann an chláir nuachta agus chúrsaí reatha Adhmhaidin a bronnadh an gradam Clár Raidió na Bliana.  Tá Adhmhaidin ag ceiliúradh fiche bliain ar an aer i mbliana agus tá ardchaigdeán iriseoireachta agus tuairisceoireachta le sonrú ar an gclár ó bunaíodh i dtús ama é.  Bronnadh gradam de chuid an Oireachtais ar fhoireann an chláir i 1999 freisin agus is í Máirín Ní Ghadhra, a bhfuil gradam iriseoireachta de chuid an Oireachtais buaite aici cheana féin, a láithríonn an clár ar na saolta seo, agus is iad Cóilín Ó Neachtain agus Pól Mac Donncha na léiritheoirí.


Bronnadh gradam Pearsa Raidió na Bliana ar an láithreoir óg fuinniúil Gemma Ní Chionnaith a láithríonn an clár Géill Slí ar ANOCHT fm, seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta don óige atá ag ceiliúradh bliain ar an aer an mhí seo.  Is as an gCnoc, Indreabhán, Co. na Gaillimhe í Gemma Ní Chionnaith (23) agus cuireann sí an clár spleodrach ceoil, téacs iarratais agus comórtais seo i láthair as Casla idir 9pm – 10pm ó Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Cuirfidh Géill Slí dioscónna ar bun i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, as seo go ceann dhá mhí, i gcomhar le heagraíochtaí óige agus neart duaiseanna le buachan in onóir na chéad bhliana ar an aer! 


Is ar Mhártan Ó Ciardha, Eagraí Spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta a bronnadh gradam Colúnaí na Bliana dá cholún rialta spóirt ar an nuachtán seachtainiúil Foinse.  I gCnoc na hAille i gCois Fharraige a tógadh Mártan Ó Ciardha agus tá sé ag obair mar chraoltóir le RTE Raidió na Gaeltachta ón mbliain 1978.  Liosta le háireamh na himeachtaí móra náisiúnta agus idirnáisiúnta spóirt a bhfuil tuairisciú déanta aige orthu in imeacht na mblianta, ina measc Cluichí Oilimpeacha Los Angeles, Sydney agus na hAtaeine, Corn an Domhain, Cluichí Ceannais na hÉireann agus Craobh Rugbaí na Sé Náisiún. 


 “Is cúis áthais dúinn go bhfuil gradaim chumarsáide á mbronnadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana arís” arsa Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

“Tá tábhacht faoi leith ag baint le haitheantas dá leithéid agus léiríonn na gradaim seo go bhfuil seirbhís d’ardchaighdeán á cur ar fáil againn. 

Déanaim comhghairdeachas le foireann Adhmhaidin, ceann de phríomhchláracha nuachta agus cúrsaí reatha na seirbhíse atá  20 bliain ar an aer i mbliana; le Gemma Ní Chionnaith, craoltóir fuinniúil ar ANOCHT fm atá díreach bliain ar an aer; agus le Martan Ó Ciardha, Eagraí Spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhuaigh gradam cholúnaí na bliana. 

Tá Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais tuillte go maith ag Liam Mac Con Iomaire, láithreoir Leagan Cainte, as blianta fada seirbhíse raidió, teilifíse agus scríbhneoireachta agus tréaslaím a ghradam leis agus leo go léir.  Go mba fada buan iad.”