Gaeilge na hArdteiste ar fáil ar dhlúthdhiosca

CD Gaeilge na hArdteiste Image Name: CD Gaeilge na hArdteiste Description: Gaeilge na hArdteiste Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.

Tá an dlúthdhiosca ‘Gaeilge na hArdteiste’ ar fáil anois (praghas €9.95) ach gliogáil ar fhógra Siopa RTÉ ar www.rte.ie/rnag/


Bunaithe ar an tsraith cláracha raidió a craoladh i dtús an Earraigh, díríonn an dlúthdhiosca seo ar gach gnéith de scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta ón gcluastuiscint agus béaltriail go dtí an prós agus an fhilíocht ainmnithe, go dtí an cheapadóireacht agus léamhthuiscint agus stair na teanga.  

Is é Peadar Ó Cúláin láithreoir an chláir agus is é Séamas Ó Máirtín an comhairleoir oideachais.

Is féidir éisteacht leis an gcúig chlár a craoladh sa tsraith seo ar shuíomh idirlín RTÉ Raidió na Gaeltachta ag www.rte.ie/rnag/gaeilgenahardteiste.html agus is féidir iad a thraschóipeáil mar phodchraoladh. 
Tá ceisteanna samplacha ar fáil freisin ar an leathanach lín seo. 



Tuilleadh Eolais
Máirín Mhic Dhonnchadha, Oifigeach Poiblíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fón:  091 506659     Fón Póca:  087 646 8731     rphost:  mairin.mhicdhonnchadha@rte.ie