FLEADH CHEOIL NA hÉIREANN ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fleadh Cheoil na hÉireann Image Name: Fleadh Cheoil na hÉireann Description: Fleadh Cheoil na hÉireann Copyright: © (source).  This image may be reproduced in print or electronic format forpromotional purposes only.

Tuilleadh Eolais:
Máirín Mhic Dhonnchadha, Oifigeach Poiblíochta
Tel: 091 506677 & 087 646 8731   Rphost: mairin.mhicdhonnchadha@rte.ie


Leanfar arís i mbliana de chraoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann atá ar siúl i Leitir Ceanainn ag deireadh mhí Lúnasa.  Tá an tseirbhís ag craoladh beo ón bhFleadh Cheoil le cúig bliana fichead anuas agus craolfar dhá chlár speisialta i mbliana mar aon le hAifreann na Fleá. 

Craolfar eagrán speisialta den chlár Iris Samhraidh beo ó Amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceanainn, á chur i láthair ag Michelle Nic Grianna ar an Aoine 26 Lúnasa ag 11.02am.  Beidh agallaimh agus ceol le cloisteáil ar an gclár ó lucht freastail agus ó lucht eagraithe na féile.

Beidh blaiseadh breá den cheol agus den chraic ag Fleadh Cheoil na bliana seo le cloisteáil ar an gclár Fleadh Cheoil na hÉireann a chraolfar beo ón Guinness Gig Rig ar an Satharn 27 Lúnasa ón 2pm.  Tá an clár beo seo ar an bhfód le trí bliana fichead agus is iad Seán Bán Breathnach agus Máirtín Davy Ó Coisdealbha a bheas ag láithriú agus ag léiriú. 

Beidh ceoltóirí as gach ceard den domhan, idir óg agus sean le cloisteáil ar an gclár, go leor acu a d’fhreastail ar Scoil na hÉigse le linn na seachtaine.  Is ar cheoltóirí agus ar fhonnadóirí nach bhfuil an oiread sin aithne fós orthu a leagfar an bhéim agus beifear ag súil le lucht éisteachta 80,000 duine, más ionann agus blianta roimhe seo.   

Craolfar Aifreann na Fleá beo ó Ardeaglais Naomh Adhmhanáin i Leitir Ceanainn ar an Domhnach 28 Lúnasa ag 11.02am agus is é An tAthair Proinsias Mac Giolla Uain an ceiliúraí.  Bí linn!


__________________________________________________



RTÉ Raidió na Gaeltachta at FLEADH CHEOIL NA hÉIREANN



RTÉ Raidió na Gaeltachta has been broadcasting live from Fleadh Cheoil na hÉireann for the past 25 years and will broadcast two live specials from this year’s event in Letterkenny as well as Aifreann na Fleá (Mass). 

A special edition of the Donegal magazine, Iris Samhraidh will be presented live from Amharclann an Ghrianáin in Letterkenny at Fleadh Cheoil na hÉireann by Michelle Nic Grianna on Friday 26th August at 11.02am.  The programme will feature interviews and live music from participants at this year’s Fleadh.

Saturday afternoon, 27th August offers the opportunity to experience the atmosphere and music of Fleadh Cheoil na hÉireann live from the Guinness Gig Rig, in a one and a half hour special broadcast – Fleadh Cheoil na hÉireann, from 2pm.  This live broadcast is into its 23rd year. 

Presenters are Seán Bán Breathnach and Máirtín Davy Ó Coisdealbha with all ages and nationalities featuring on the programme, including many who attended Scoil na hÉigse during the week.  The focus is on young up and coming talent with an estimated audience, based on previous years, of 80,000 people. 

Mass on Sunday morning will be broadcast live from St Eunan’s Cathedral in Letterkenny at 11.02am and the celebrant is An tAthair Proinsias Mac Giolla Uain.