Beidh an clár á chraoladh beo ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc inniu áit a bhfuil Scoil Samhraidh an Phiarsaigh ar siúl. Fiosróidh an scoil saincheisteanna maidir le fís an Phiarsaigh don Ghaeilge agus cíorfar téamaí éagsúla, ina measc neartú na teanga, an Ghaeltacht, cearta teanga, cultúr agus oideachas.
The programme will be broadcast today from Patrick Pearse’s Cottage in Ros Muc, where Scoil Samhraidh an Phiarsaigh is taking place. The school will explore issues surrounding Pearse’s vision for the Irish language, and themes will include nourishing the language, An Ghaeltacht, language rights, culture and education.