skip to main content

Barrscéalta

Áine Ní Churráin Image Name: Áine Ní Churráin Description: Áine Ní Churráin

Chaith triúr de Laochra Éirí Amach 1916 tréimhsí ama i gColáiste Uladh i nGort an Choirce, an chead choláiste Gaeilge i gCúige Uladh a bunaíodh in 1906.  Bhí Pádraig Mac Piarais mar scrúdaitheoir ag Conradh na Gaeilge, d’fhreastail Seosamh Máire Pluincéid ar an Choláiste ar feadh roinnt blianta agus ba mhinic a thug Ruairí Mac Easmainn cuairt ar an Choláiste agus bhí sé fial flaithiúil leis an Choláiste agus le scoileanna an cheantair.  Beidh comóradh speisialta ar siúl i nGort an Choirce leis an cheangal suntasach seo a cheiliúradh an deireadh seachtaine seo, le drámaí, díospóireachtaí, léachtaí agus neart eile.

Beidh Barrscéalta ag craoladh beo ó Óstán Loch Altan ar a mbaile inniu mar chuid den ócáid, le hÉiri Amach 1916 a phléigh, ceist na Gaeilge agus oidhreacht Choláiste Uladh.

Three of the 1916 Rising Leaders spent time in Coláiste Uladh in Gort an Choirce in northwest Donegal, the first Irish-language college in Ulster, established in 1906.  Patrick Pearse was an examiner for Conradh na Gaeilge, Joseph Mary Plunkett attended the college for several years and Roger Casement visited many times and was very generous to the college and to local schools.  This weekend, a special event will be held in Gort an Choirce to celebrate this connection to the 1916 Rising, with lectures, dramas, debates and plenty more.

Barrscéalta will be broadcasting live from Óstán Loch Altan in the village today as part of the event, featuring a discussion of the 1916 Rising, the Irish language and the legacy of Coláiste Uladh.