skip to main content

Iris Aniar

Patrick Pearse Speaking at Dolphins Barn (1915) Image Name: Patrick Pearse Speaking at Dolphins Barn (1915) Description: Patrick Pearse Speaking at Dolphins Barn (1915) Copyright: RTÉ Stills Library Image Ref. No. 0510/074
Pearse Image Name: Pearse

Cothrom an lae seo 100 bliain ó shin a cuireadh an Piarsach chun báis i bPríosún Chill  Mhaighneann.  Beidh Iris Aniar ag craoladh beo as Gairmscoil na bPiarsach i Ros Muc inniu, áit a ndéanfar Gairdín Cuimhneacháin na bPiarsach, i gcuimhne ar Phádraig agus Liam Mac Piarais, a oscailt níos deireanaí sa lá.  Níos deireanaí freisin, mar chuid den chomóradh, déanfaidh Comhairle Contae na Gaillimhe plaic agus suíochán cuimhneacháin a nochtadh i gcuimhne ar an bPiarsach ag Séipéal an Ghoirt Mhóir i Ros Muc.  Cloisfimid faoin dá thogra seo, agus gnéithe eile den chomóradh, ar an gclár inniu.  Eibhlín Ní Chonghaile a chuirfidh an clár i láthair.

On this day 100 years ago, Patrick Pearse was executed in Kilmainham Gaol.  Today, Iris Aniar will be broadcasting from Gairmscoil na bPiarsach in Ros Muc, where a garden in memory of Patrick and Liam Pearse will be opened later.  Also, as part of the commemorations, Galway County Council will unveil a plaque and commemorative seat for Pearse at the church, Séipéal an Ghoirt Mhóir, in Ros Muc.  We’ll hear more about both these initiatives on the show today, as well as other plans for the commemoration.  Eibhlín Ní Chonghaile presents.