Beidh an coirm cheoil mhór seo á craoladh beo ó Óstán Lawlors i nDún Garbhán tráthnóna, áit a bhfuil Féile na Meán Ceilteach ar siúl. Is é Pádraig Ó Sé a chuirfidh an choirm i láthair, agus beidh scoth na gceoltóirí ar stáitse, ina measc Danú; Edel Fox, Neill Byrne agus John Dwyer; Cór Fear na nDéise; Seán agus Caoimhín Ó Fearghail; Nuadán; Emma Corbett; Muintir Mannion – Clara, Laura agus Joseph; agus Muintir O’Gorman – Sarah O’Gorman, Séamus agus Ellen. Is féidir ticéidí a bhuachaint ar chláracha RnaG.
Tune in this evening for some excellent traditional and folk music live from Lawlors Hotel in Dungarvan, Co. Waterford, where the Celtic Media Festival is taking place. Pádraig Ó Sé will present the show, and groups on stage will include Danú; Edel Fox, Neill Byrne and John Dwyer; Cór Fear na nDéise; Seán and Caoimhín Ó Fearghail; Nuadán; Emma Corbett; Muintir Mannion – Clara, Laura and Joseph; and Muintir O’Gorman – Sarah O’Gorman, Séamus and Ellen. Tickets can be won on RnaG programmes in the lead up to the concert.