skip to main content

Spórt an tSathairn agus Súil Siar Iomána

Gearóidín Nic an Iomaire and Seán Bán Breathnach  in Croke Park Image Name: Gearóidín Nic an Iomaire and Seán Bán Breathnach in Croke Park Description: Gearóidín Nic an Iomaire and Seán Bán Breathnach of the RnaG Sports team practising their hurling skills in Croke Park
Mícheál Mac Donnchadha Image Name: Mícheál Mac Donnchadha Description: Mícheál Mac Donnchadha Copyright: RTÉ

Chomh maith le clúdach ar imeachtaí spóirt fud fad na tíre, beidh painéal ar an gclár inniu ag caitheamh súil siar ar Chraobh Iomána 2015.  Mícheál Mac Donnchadha a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gclár, agus orthu siúd a bheidh ar an bpainéal beidh na tráchtairí Seán Bán Breathnach, Liam Mac an Mhaoir agus Macdara Mac Donnchadha.  Beidh na hiar-imreoirí Cathal Moore agus Pat Fleury ar an bpainéal freisin, chomh maith le hiar-imreoir agus iar-bhainisteoir Chorcaí John Allen.  Cloisfimid freisin tuairimí ó imreoir Phort Láirge, Donie Breathnach agus imreoir láir páirce Chill Chainnigh, Michael Rice.  Anailís cuimsitheach ar Chraobh Iomána 2015.

As well as comprehensive coverage of the day’s sports action, the programme today will feature a look back at the 2015 Hurling Championship.  Mícheál Mac Donnchadha will chair the programme, with panellists to include commentators Seán Bán Breathnach, Liam Mac an Mhaoir and Macdara Mac Donnchadha.  Former players Cathal Moore and Pat Fleury will also be on the panel, with former player and manager John Allen.  Current players Donie Breathnach from Waterford and Michael Rice complete the panel.  Tune in for in-depth, incisive analysis of the Hurling Championship 2015.