skip to main content

Scéalta an Phobail

Michael Bharry Image Name: Michael Bharry Description: Michael Bharry
Galway Minors 1982 Image Name: Galway Minors 1982

Seo sraith seo a dhéanann ceiliúradh agus comóradh ar laochra, ar chumainn agus ar ionaid spóirt, agus is iad rannpháirtithe ar chúrsa le Gréasán na Meán a chuir na cláracha i dtoll a chéile.  Inniu, cloisfimid clár faoi Mhichael Bharry Ó Flatharta, déanta ag Stiofán Ó Flatharta.  An-pheileadóir a bhí i Michael, agus tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh ar fhoireann mionúir na Gaillimhe, chuaigh sé ar fhoireann faoi 21 Chontae na Gaillimhe.  Maidin Shathairn amháin agus é ag dul ag traenáil le foireann an chontae bhí timpiste aige a d’fhág é i gcathaoir rotha ariamh ó shin.  Ach lean sé ar aghaidh lena shaol.  Phós sé a ghrá gheal.   Thosaigh sé ag imirt spórt i gcathaoir rothaí agus d’imir sé rugbaí cathaoir rotha d’Éirinn.  Tá sé thar a bheith gníomhach fós ina chumann dúchais, Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Conamara.  Cloisfimid a scéal ar an gclár seo inniu.  Is é Tomás Mac Con Iomaire an Léiritheoir Sraithe.

This series celebrates and commemorates sporting heroes, clubs and sports grounds, and the programmes have been put together by participants in a Skillnet course.  Today, we hear a programme about Michael Bharry Ó Flatharta.  Michael was a talented footballer.  He had spent two years on the Galway Minor team before moving to the Under 21 county team.  One Saturday morning on the way to training he had a bad accident that has left him in a wheelchair ever since.  He continued with his life, however, and married the love of his life.  He started to play wheelchair sports, and played for Ireland in wheelchair rugby.  He continues to be heavily involved in his local club, Naomh Anna Leitir Móir in Connemara.  We’ll hear Michael’s story on the programme today. Stiofán Ó Flatharta presents the show.  Tomás Mac Con Iomaire is Series Producer.