skip to main content

Scéalta an Phobail

Inniu, cloisfimid an chéad chlár i sraith nua a dhéanann ceiliúradh agus comóradh ar laochra, ar chumainn agus ar ionaid spóirt.  Rannpháirtithe ar chúrsa le Gréasán na Meán a chuir na cláracha sa tsraith seo i dtoll a chéile.  Inniu, cloisfimid clár le hAodhán Ó Maoileoin faoi pháirc imeartha An Canal i Ros an Mhíl, an pháirc spóirt is sine i gConamara.  Bhíodh laethanta spóirt agus imirt peile agus iomána anseo nuair nach raibh páirc in aon áit eile taobh thiar den Spidéal. Le linn an Chogaidh Mhóir, clúdaíodh an pháirc le sceacha ar fhaitíos go dtiocfadh aon eitleán Gearmánach agus tuirlingt uirthi.  Bhain uaisle Sasanacha úsáid as an bpáirc le gailf a imirt nuair nach raibh aon ionad eile sa cheantar aimsir an Dara Chogaidh Mhór.  Inniu, tá páirc den scoth anseo le chuile áis nua aimseartha. Scéal ar leith faoi pháirc ar leith.  Is é Tomás Mac Con Iomaire an Léiritheoir Sraithe.

Today, we’ll hear the first show in a new series that celebrates and commemorates sporting heroes, clubs and sports grounds.  These programmes have been put together by participants in a Skillnet course.  Today, we’ll hear a show by Aodhán Ó Maoileoin about The Canal, the oldest sports pitch in Connemara.  This pitch has seen sports days, and football and hurling played there when there was no other playing field west of Spiddal.  In the First World War, the pitch was covered with brambles to avoid any German aircraft trying to land on it.  The English aristocracy used the pitch to play golf when there was no other location on which to do so during the Second World War.  Today, it is a top class playing pitch will all modern amenities.  This is the unique story of a unique playing pitch.  Tomás Mac Con Iomaire is Series Producer.