I mí Feabhra na bliana 1951 chuaigh Proinsias Ó Conluain agus an t-innealtóir fuaime Dermot Maguire ó Radio Éireann go dtí ceantar Ghleann Choill sna Spéiríní Co Thír Eoghain leis an bhaicle bheag de chainteoirí ó dhúchas Gaeilge a bhí fágtha ann a thaifead. Sa chlár seo inniu, cloisfimid sleachta óna dhialann ag cur síos ar gach a bhfaca sé ann, ó na tithe, go dearcadh an phobail i leith na Gaeilge. Fosta, beidh cur síos ar chanúint Thír Eoghain, comhfhreagras idir Ó Conluain agus Michael J Murphy ón Choimisiún Béaloideasa, agus comhfhreagras ón Dr Heinrich Wagner ag déanamh cur síos ar chanúint Thír Eoghain. Léitheoir: Brian Mullen. Láithriú agus léiriú: Ian Lee. Tá grianghrafanna den chuairt le feiceáil ar leathanach idirlín an chláir.
In February 1951 Proinsias Ó Conluain and Radio Éireann Sound Engineer Dermot Maguire from travelled to the Glenhull area of Co Tyrone in the Sperrin Mountains to record the last native speakers of Irish in the area. In this programme today, we will learn about the visit from excerpts from the diary that Ó Conluain kept, describing customs, attitudes to the Irish language, analysis of the dialect, and more. We’ll also hear correspondence between Ó Conluain and Michael J Murphy from the Irish Folklore Commission, and analysis by Dr. Heinrich Wagner of the dialect. See programme webpage for images from the visit. Reader Brian Mullen. Presenter/Producer: Ian Lee.