skip to main content

FLOSC

Sineád Ní Thuathail, Rebecca Fisher & Christina Nic Dhonnacha Image Name: Sineád Ní Thuathail, Rebecca Fisher & Christina Nic Dhonnacha Description: Sineád Ní Thuathail, Rebecca Fisher & Christina Nic Dhonnacha

Inniu, san eagrán deireanach den tsraith seo, labhrann Máirín Nic Con Iomaire le Rebecca Fisher, Sinéad Ní Thuathail agus Christina Nic Dhonncha, triúr as Conamara.  As Cor na Rón do Rebecca agus tá sí ag dul isteach sa dara bliain ar chúrsa céime san iriseoireacht in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.  Bíonn sí ag láithriú ar stáisiún raidió an choláiste Flirtfm.  Tá tuairimí láidre aici faoin reifreann a bhí againn ar an bpósadh comhghnéis, agus síleann sí gur mór an náire aon duine nár chaith a vóta.  As Cor na Rón do Shinéad Ní Thuathail freisin.  Tá an chéim díreach críochnaithe aici in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus chaith sí an samhradh ag obair le Coláiste Lurgan.  Tá fonn taistil anois uirthi.  As an Trá Bháin i Leitir Móir do Christina Nic Dhonncha.  Tá an-suim ag Christina i gcúrsaí polaitíochta ag an leibhéal náisiúnta agus áitiúil.  Rinne sí taithí oibre leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, agus í ag déanamh an BA sa Chumarsáid ach tá sí ag obair anois mar chúntóir parlaiminte don Teachta Dála Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil.  Cá bhfios nach seasfadh sí féin amach anseo!  Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire.

Today, in the final episode in this series, Máirín Nic Con Iomaire speaks to Rebecca Fisher, Sinéad Ní Thuathail and Christina Nic Dhonncha, three young women from Connemara.  Rebecca is from Cor na Rón, and is heading into the second year of a degree course in journalism in NUIG.  She is a presenter on the college radio station Flirtfm.  She shares some strong opinions with us today on the Referendum on Marriage Equality earlier this year, and feels that anyone who didn’t go out to vote should be ashamed of themselves.  Sinéad Ní Thuathail is also from Cor na Rón.  She has just finished her degree in NUIG and spent the summer working in Coláiste Lurgan.  She has the travel bug now.  Christina Nic Dhonncha is from Trá Bháin in Leitir Móir.  She is very interested in national and local politics.  She did work experience with Senator Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, during her degree course, but she is now working as a parliamentary assistant for Éamon Ó Cuív TD, Fianna Fáil.  Who knows, maybe she’ll stand for election herself in a few years!  Presented and produced by Máirín Nic Con Iomaire.