skip to main content

Ar an Bhaile Seo

Séamus Mac Géidigh Image Name: Séamus Mac Géidigh Description: Séamus Mac Géidigh, Presenter Copyright: RTÉ

Fuair bealach “Na Mines” idir Gort an Choirce agus Dún Lúiche a ainm de bharr mianach airgid atá ar imeall an bhealaigh i mbaile fearainn an Chaoldroim.  Thosaigh comhlacht Mianaigh na hÉireann ag mianadóireacht airgid ansin i 1825, agus lean sé ar aghaidh ar feadh seacht mbliana.  Táirgeadh 1,689 tonna airgid ansin, ach bhí caillteanas ar an chomhlacht agus dúnadh é de bharr leibhéal an uisce a bheith ag ardú.  Ath-osclaíodh an mianach arís ach dúnadh é don uair dheireanach i 1860.  Déanann Séamus Mac Aoidh cur síos ar stair an mhianaigh do Shéamus Mac Géidigh ar an chlár inniu.  Láithriú agus léiriú le Séamus Mac Géidigh.

The Mines Road between Gort an Choirce and Dún Lúiche in northwest Donegal got its name from the silver mines that are on the edge of the townland of Caoldrum, or Keeldrum.  The Irish Mining Company started work there in 1825, and continued for seven years.   They extracted 1,689 tonnes of silver, but made a loss, and the mine was closed due to rising water levels.  It was reopened again, but closed for the final time in 1860.  Séamus Mac Aoidh tells Séamus Mac Géidigh all about the history of the mine on the show today.  Presented and produced by Séamus Mac Géidigh.