skip to main content

An Scoth

Canonach Mac Giolla Chearra Image Name: Canonach Mac Giolla Chearra Description: Canonach Mac Giolla Chearra - First World War
Canonach Mac Giolla Chearra Image Name: Canonach Mac Giolla Chearra Description: Canónach Mac Giolla Chearra (centre with statue) in 1919.
Seosamh O Ceallaigh Image Name: Seosamh O Ceallaigh

Sa tsraith seo cloisimid cuid de scoth chláracha RnaG a craoladh le tamall anuas.  Inniu, cloisfimid an clár Dún na nGall agus an Chéad Chogadh Domhanda.  Meastar gur throid suas le 5,000 duine as Dún na nGall sa Chéad Chogadh Domhanda, agus gur maraíodh 674 acu sin.  Sa chlár seo cloisfimid scéal mhuintir Dhún na nGall sa Chogadh Mór.  Cloisfimid ón staraí an Dr Seosamh Ó Ceallaigh, a bhfuil dianstaidéar déanta aige ar mhuintir Dhún na nGall sa chogadh, go háirithe an Canónach Mac Giolla Chearra, Séiplíneach a bhí sa Chéad Chogadh agus a bhí ina shagart paróiste i nGort an Choirce blianta ina dhiaidh sin.  Tá cuid de na litreacha a scríobh sé na bhaile ar fáil go fóill, agus go leor eolais le fáil iontu.  Cloisfimid freisin ón staraí Niall Mac Fhionnghaile, agus ó dhaoine a raibh daoine muinteartha leo ag troid sa chogadh.  Láithriú agus léiriú le Séamus Mac Géidigh.

In this weekly slot, we hear some of the best programmes broadcast on RnaG over the last few years.  Today, we’ll hear the programme Dún na nGall agus an Chéad Chogadh Domhanda.  It is estimated that up to 5,000 people from Donegal fought in the First World War, and 674 of them were killed.  In this programme, we will hear some of their stories.  Historian Dr Seosamh Ó Ceallaigh, who has studied this subject extensively, will share his knowledge with us, in particular the story of Canon Mac Giolla Chearra, a chaplain in the war and who was later Parish Priest in Gort an Choirce in Donegal.  Some of the letters he sent home are still available, and contain a huge amount of knowledge about the war.  We will also hear from historian Niall Mac Fhionnghaile, and from people whose family members fought in the war.  Presented and produced by Séamus Mac Géidigh.