skip to main content

FLOSC

Alex Mac Uaid, Alisúin Ní Bhriain agus Séin Ó Maonaigh Image Name: Alex Mac Uaid, Alisúin Ní Bhriain agus Séin Ó Maonaigh Description: Alex Mac Uaid, Alisúin Ní Bhriain agus Séin Ó Maonaigh
Alex Mac Uaid, Alisúin Ní Bhriain agus Séin Ó Maonaigh Image Name: Alex Mac Uaid, Alisúin Ní Bhriain agus Séin Ó Maonaigh Description: Alex Mac Uaid, Alisúin Ní Bhriain agus Séin Ó Maonaigh
Alisúin Ní Bhriain, Séin Ó Maonaigh agus Alex Mac Uaid Image Name: Alisúin Ní Bhriain, Séin Ó Maonaigh agus Alex Mac Uaid Description: Alisúin Ní Bhriain, Séin Ó Maonaigh agus Alex Mac Uaid

Inniu, triúr láithreoir raidió le Raidió na Life a bheidh faoi agallamh ag Máirín Nic Con Iomaire – Séin Ó Maonaigh, Alex Mac Uaid agus Alisúin Ní Bhriain.  As Baile Átha Cliath dóibh triúr, agus cuireann siad an clár Raidió Chrónáin i láthair gach tráthnóna Satharn. Is innealtóir fuaime agus bainisteoir imeachtaí é Alex, agus tá dhá albam taifeadta go dtí seo aige – ceann acu le ALDOC.  Tá sé féin agus Alisún an-ghníomhach in Áras Chrónáin.  Bhí siad ag obair le campaí samhraidh Gaeilge do dhaoine óga níos túisce an samhradh seo agus ag eagrú ceolchoirmeacha.  Tá Alisún ag déanamh staidéir ar an gcógaseolaíocht in Institiúd Teicneolaíochta Thamhlachta (ITT) – tá deiseanna maithe fostaíochta san earnáil seo in Éirinn dar léi, agus a bhfuil de chomhlachtaí móra cógaseolaíochta lonnaithe anseo.  Is múinteoir é Séin Ó Maonaigh agus spailpín, mar a deir sé féin, agus leor den tír feicthe aige agus é ag múineadh i scoileanna éagsúla.  Bíonn sé ag tarraingt ar Ráth Chairn go minic agus casfaidh sé port ar an bhfidil ar chlár an lae inniu.  Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire.

Today, Máirín Nic Con Iomaire is joined by three presenters from Raidió na Life – Séin Ó Maonaigh, Alex Mac Uaid and Alisúin Ní Bhriain.  They are all from Dublin, and present the programme Raidió Chrónáin on Saturday afternoon.  Alex is a sound engineer and event manager, and has recorded two albums to date, including one with ALDOC.  Both he and Alisún are very active in Áras Chrónáin in Clondalkin.  They were working on Irish –language summer camps earlier this year, and organising concerts.  Alisún is studying pharmacology in Tallaght IT, and says there are good employment opportunities in this country now due to the large number of big pharmaceutical companies locating here.  Séin Ó Maonaigh is a teacher and a wanderer, according to himself, and has seen a lot of the country teaching in various schools.  He often visits Ráth Chairn in Co. Meath, and will play us a tune on the fiddle on today’s show.  Presented and produced by Máirín Nic Con Iomaire.