skip to main content

FLOSC

Miriam Ní Mheachair, Anna Miles, Katie-Ann Masterson Image Name: Miriam Ní Mheachair, Anna Miles, Katie-Ann Masterson Description: Miriam Ní Mheachair, Anna Miles, Katie-Ann Masterson. FLOSC 21 August 2015.

Is iad Anna Miles, Miriam Maher agus Katie Ann Masterson na haíonna a bheidh i gcomhluadar Mháirín Nic Con Iomaire inniu.  Tá siad triúr i mbun staidéir ar chúrsaí oideachais, agus bíonn plé bríomhar acu ar an ábhar sin ar an gclár inniu.  As Baile an tSaoir i mBaile Átha Cliath d’Anna, agus is mac léinn í ar chúrsa nua Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas i gColáiste Mhuire, Marino.  As Gaillimh do Katie Ann, agus tá cúrsa Froebel ar bun aici i Maigh Nuad agus í ag obair an samhradh seo ar chúrsa Spleodar i gCorr na Móna.  Chaith Miriam, as Baile Choimín i gCill Mhantáin, tréimhse ina craoltóir leis na stáisiúin i-radio, FM104 agus Q104 tar éis di céim BA sa Chumarsáid a bhaint amach le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.  Tá sí anois i mbun staidéir le dul leis an mbunmhúinteoireacht.  Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire.

Anna Miles, Miriam Maher and Katie Ann Masterson are Máirín Nic Con Iomaire’s guests today.  They are all studying education, and they have a lively discussion on the subject on today’s programme.  Anna is from Ballinteer in Dublin, and she is completing the new Professional Masters in Education course in the College of Education, Marino.  Katie Ann is from Galway, and she is studying at Froebel College in Maynooth.  She is working this summer at Irish college Spleodar in Corr na Móna in Connemara.  Miriam, from Co. Wicklow, spent some time working as a broadcaster with i-radio, FM104 and Q104 after completing her BA in Communications with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, and she is now studying primary school teaching.  Presented and produced by Máirín Nic Con Iomaire.