skip to main content

An Scoth

Families enjoying the Saoire Gaeltachta 2014 in Corca Dhuibhne Image Name: Families enjoying the Saoire Gaeltachta 2014 in Corca Dhuibhne Description: Families enjoying the Saoire Gaeltachta 2014 in Corca Dhuibhne
Children enjoying activities during the Saoire Gaeltachta 2014 in Corca Dhuibhne Image Name: Children enjoying activities during the Saoire Gaeltachta 2014 in Corca Dhuibhne Description: Children enjoying activities during the Saoire Gaeltachta 2014 in Corca Dhuibhne
Fachtna Ó Drisceoil with son Tadhg Image Name: Fachtna Ó Drisceoil with son Tadhg Description: Fachtna Ó Drisceoil with his son Tadhg on the Saoire Gaeltachta 2014

Cloisimid cuid de scoth-chláracha RnaG le cúpla bliain anuas sa tsraith seo.  Inniu, cloisfimid an clár faisnéise Spiorad an Chomhluadair, le Fachtna Ó Drisceoil, faoi theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, agus an tionchar a bheidh ag an atheagar ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge orthu.  Tuismitheoirí a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge a bhunaigh an eagraíocht Comhluadar le tacaíocht, eolas agus seirbhísí a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaelacha, ach tháinig deireadh le maoiniú na heagraíochta sin anuraidh, agus aistríodh na cúraimí a bhí orthu go Glór na nGael.  Sa chlár seo, freastalaíonn an craoltóir Fachtna Ó Drisceoil agus a theaghlach ar shaoire Gaeltachta eagraithe ag Glór na nGael i gCorca Dhuibhne, saoire a bhíodh á heagrú ag Comhluadar.  Ba é Saoire Gaeltachta 2014 an chéad teist den socrú nua.  Conas mar a n-éireoidh leis?  An bhfreastalóidh na teaghlaigh chéanna air? An mbláthóidh obair na dteaghlach laistigh de mhór-eagraíocht a bhfuil go leor cúramaí eile air?  Agus cén tairbhe a bhainfidh teaghlach Fhachtna féin as an tseachtain?  Sin roinnt de na ceisteanna a fhiosraítear sa chlár seo Spiorad an Chomhluadair.

In this series, we hear some of the best of RnaG’s broadcasting over the last couple of years.  Today, we hear Spiorad an Chomhluadair, a documentary focused on families raising their children through Irish, and the impact of recent changes to the support structures available to them.  In 2014, funding for the organisation Comhluadar was ended, and the responsibility for supporting families raising children through Irish moved to Glór na nGael.  In this programme, Fachtna and his family attend the first event organised under the new structure – a Gaeltacht holiday in Corca Dhuibhne in Kerry for the families– to see if, or how well, the new arrangement is working.