Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach arís i mbliana, agus beidh blaiseadh breá den cheol agus den chraic le cloisteáil ar an gclár seo a chraolfar beo ón Ródaí. Cloisfear ceoltóirí as gach cearn den domhan, idir óg agus aosta, ar an gclár, á chur i láthair ag Áine Hensey beo ó Shligeach Déardaoin agus Dé hAoine.
RnaG will be broadcasting live from Fleadh Cheoil na hÉireann in Sligo today. Tune in for all the atmosphere and fun of the Fleadh, with live music, from the Ródaí, RnaG’s roadcaster. Musicians of all ages and nationalities will feature on the programme, presented live from Sligo by Áine Hensey on Thursday and Friday.