skip to main content

Siúlach Scéalach

Proinsias Ó Conluain leis an Aonad Taifead Soghluaiste i mBaile na Finne Image Name: Proinsias Ó Conluain leis an Aonad Taifead Soghluaiste i mBaile na Finne Description: Proinsias Ó Conluain witht he Mobile Recording Unit in Baile na Finne (Fintown) in Donegal. Copyright: RTÉ Stills Library
Seán Ó hEochaidh, Proinsias Ó Conluain ag taifead ar an bportach le Seán Ó Gallchóir 1955 Image Name: Seán Ó hEochaidh, Proinsias Ó Conluain ag taifead ar an bportach le Seán Ó Gallchóir 1955 Description: Seán Ó hEochaidh, Proinsias Ó Conluain recording on the bog with Seán Ó Gallchóir 1955 Copyright: RTÉ Stills Library
Ian Lee - reading notebooks from Proinsias Ó Conluain archives Image Name: Ian Lee - reading notebooks from Proinsias Ó Conluain archives Description: Ian Lee - reading notebooks from Proinsias Ó Conluain archives
Proinsias Ó Conluain Image Name: Proinsias Ó Conluain Description: Proinsias Ó Conluain Copyright: RTÉ

Inniu ar Siúlach Scéalach cluinfimid an chuid dheireanach de dhialanna agus de na taifeadtaí a rinne Proinsias Ó Conluain ar Oileán Thoraí sa bhliain 1956.  Beidh muid ag foghlaim faoin úir ar leith a bhí i dToraigh a chuirfeadh an ruaig ar luchóga móra agus a shábhálfadh daoine ar an fharraige; faoin bhia a d’íosfadh daoine; a meon agus a ndearcadh ar chuairteoirí chun an oileáin; pisreog a bhí i dToraigh, agus i go leor ceantracha cois mara, gan daoine a shábháil ar an fharraige.  Cluinfimid scéal a léiríonn gur chreid siad gur daoine a bhí sna rónta, agus tuilleadh samplaí de Ghaeilge an oileáin agus tuilleadh amhrán agus ceoil.  Láithriú agus léiriú le hIan Lee.  Léitheoir: Brian Mullen.

Today, we hear the final programme based on Proinsias Ó Conluain’s diaries from Tory Island in 1956.  We’ll learn about the special clay on Tory which kept the island rat free and protected the islanders at sea.  We’ll hear Ó Conluain’s observations on the islanders’ diet; their mentality and how they reacted to visitors like himself; the superstition on Tory, and in other Gaeltacht areas, that meant that people were reluctant to save people at sea as “the sea will always claim its own”; and the belief that seals were real people.  We’ll also hear more recordings of the songs, music and unique Irish of Tory.  Produced and presented by Ian Lee.  Readings by Brian Mullen.