skip to main content

FLOSC

Tania Ní Dhoiblin, Gary Mac Giolla Fhinnéin, Kelly Nic Gabhann Image Name: Tania Ní Dhoiblin, Gary Mac Giolla Fhinnéin, Kelly Nic Gabhann Description: Tania Ní Dhoiblin, Gary Mac Giolla Fhinnéin, Kelly Nic Gabhann - FLOSC 10/7/2015
Tania Ní Dhoiblin, Gary Mac Giolla Fhinnéin, Kelly Nic Gabhann - pic 2 Image Name: Tania Ní Dhoiblin, Gary Mac Giolla Fhinnéin, Kelly Nic Gabhann - pic 2 Description: Tania Ní Dhoiblin, Gary Mac Giolla Fhinnéin, Kelly Nic Gabhann - FLOSC 10/7/2015
Máirín Nic Con Iomaire Image Name: Máirín Nic Con Iomaire Description: Máirín Nic Con Iomaire

Aíonna óga ó cheann na tíre a bhíonn le cloisteáil sa tsraith samhraidh FLOSC, agus iad ag cur síos ar an leagan amach atá acu féin ar an saol do Mháirín Nic Con Iomaire.  Triúr mac léinn as Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste atá i gcuideachta Mháirín inniu – Tania Ní Dhoibhlin, Gary Mac Giolla Fhinnéin agus Kelly Nic Gabhann.

Tá an triúr acu ag caitheamh cuid den samhradh ag obair ar choláiste samhraidh i Loch an Iúir, áit a mbíonn an chraic acu – ‘níos fearr ná Ibiza lá ar bith’!  Ní hionann cás na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas den teorainn, agus tugann an triúr léargas an-spéisiúil ar chúrsaí teanga i mBéal Feirste sa lá atá inniu ann.  Ní raibh focal Gaeilge ag ceachtar acu go raibh siad sa mheánscoil – ní raibh aon Ghaelscoil ann agus iad ina bpáistí beaga.  Tá an triúr acu ag freastal anois ar chúrsa oiliúna do mhúinteoirí Gaeloideachais agus súil acu post a fháil san earnáil seo amach anseo.

Bíonn Gary ag láithriú ar Raidió Fáilte – b’fhearr leis i bhfad a bheith ag éisteacht le ceol ar an raidió seachas ar na meáin dhigiteacha.  Tá an-tóir ag Tania ar an gceol freisin – bíonn sí ag ceol ag bainiseacha – agus casfaidh sí amhrán ar an gclár dhúinn.   Agus tá Kelly ag súil go mór le ceolchoirm Ed Sheeran i bPáirc an Chrócaigh ar an 24 Iúil (agus í chomh tógtha sin leis go bpósfadh sí é…!).  Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire.

 

Young people from across the country can be heard in this new summer series FLOSC, talking to Máirín Nic Con Iomaire about life as they see it. Today, Máirín is joined by three students from St. Mary’s University College in Belfast – Tania Ní Dhoibhlin, Gary Mac Giolla Fhinnéin and Kelly Nic Gabhann.

The three of them will be spending time working at a summer college in Loch an Iúir in the Donegal Gaeltacht this year, where they say the craic is better than Ibiza any day!  They talk about the difference between the situation for the Irish language north and south of the border, and give us an interesting insight into Irish in Belfast.  Despite the fact that none of them had any Irish until they were in secondary school, as there was no local Gaelscoil, they are all presently attending Irish-medium teacher training college, and hope to get jobs in that sector in the future.

Gary is a presenter on Raidió Fáilte, and says he much prefers to listen to music on the radio rather than on digital media.  Tania loves music too, and sings at weddings – and she’ll sing a song for us on the show today.  And Kelly is very taken with Ed Sheeran, and excited about his upcoming concert in Croke Park on 24 July.  The presenter/producer is Máirín Nic Con Iomaire.