skip to main content

FLOSC

Ruadhán Ó Flatharta, Michéal Ó Domhnaill, Darina Ní Lorcáin Image Name: Ruadhán Ó Flatharta, Michéal Ó Domhnaill, Darina Ní Lorcáin Description: Ruadhán Ó Flatharta, Michéal Ó Domhnaill, Darina Ní Lorcáin on FLOSC on RnaG 26 June 2015

Aíonna óga ó cheann na tíre a bhíonn le cloisteáil sa tsraith samhraidh FLOSC, agus iad ag cur síos ar an leagan amach atá acu féin ar an saol do Mháirín Nic Con Iomaire.  Inniu, is iad Mícheál Ó Domhnaill, Darina Ní Lorcáin agus Ruadhán Ó Flatharta, as Conamara, atá ina cuideachta.

Beidh Mícheál ag caint ar an deireadh seachtaine mór dornálaíochta atá amach romhainn i gConamara agus grúpa dornálaithe tagtha as Boston lena aghaidh.  Is ceoltóir é Mícheál agus tá grúpa nua tosaithe aige féin lena dheartháir Bertie agus cara leo, Aonghus Ó Gionnáin, Glór na ndTonn.

Ón dornálaíocht go dtí an karate, ní raibh Ruadhán Ó Flatharta ach 13 bliain d’aois nuair a fuair sé a chéad bheilt dhubh, agus tá an dara ceann bainte aige ó shin.  Is damhsóir álainn é, agus déanfaidh sé steip damhsa ar an sean-nós ar an gclár inniu.

Tá an ceol agus an spórt sa dúchas ag Darina freisin – d’imir a hathair agus uncail léi do Ghaillimh agus tá cuimhne i gcónaí ar a seanathair, Petie Ó Sé, a cailleadh bliain go ham seo.  Tá sí féin ag imirt peile ó bhí sí ina cailín beag agus tá iníon óg aici féin anois atá bliain go leith d’aois.  Labhrann sí go hoscailte ar na dúshláin a bhaineann le bheith i do mháthair óg agus tú ag tógáil clainne i d’aonar.

Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire.

 

Young people from across the country can be heard in this new summer series FLOSC, talking to Máirín Nic Con Iomaire about life as they see it.  Today’s guests are Mícheál Ó Domhnaill, Darina Ní Lorcáin and Ruadhán Ó Flatharta, from Connemara.

Club Dornálaíochta Chonamara plays host to a group of young boxers from Boston this weekend, and Mícheál may get a second chance to take on the stateside opponent who beat him in Boston on a split decision last summer.  A musician, Mícheál recently formed a new group called Glór na dTonn, with his brother Bertie, and friend Aongus Ó Gionnáin.

Ruadhán is studying to be a primary school teacher but Darina is adamant that she wouldn’t have the patience for teaching!  She is a keen footballer, coming from a strong sporting background – both her father and uncle played for Galway, as did her late grandfather Petie Ó Sé, whose first anniversary occurs around this time.  She has a baby daughter and speaks frankly about the challenges of being a young single mother.

Ruadhán, who got his first black belt in karate at the tender age of thirteen, is also an award winning sean-nós dancer and will perform on the programme.

The presenter/producer is Máirín Nic Con Iomaire.