skip to main content

FLOSC

Dónal Gunning, Niamh O'Regan and Fionn Mac Muiris Image Name: Dónal Gunning, Niamh O'Regan and Fionn Mac Muiris Description: Dónal Gunning, Niamh O'Regan and Fionn Mac Muiris - FLOSC on RTÉ RnaG 12 June

Aíonna óga ó cheann na tíre a bheidh le cloisteáil sa tsraith samhraidh FLOSC, agus iad ag cur síos ar an leagan amach atá acu féin ar an saol do Mháirín Nic Con Iomaire.  Beirt a rugadh i Helsinki a bheidh i gcuideachta Mháirín inniu ar an gclár – beirt nach raibh focal Gaeilge acu nuair a d’fhill siad go hÉirinn lena muintir agus iad fós ina ngasúir óga.  Sin iad Niamh O’Regan agus Dónal Gunning, agus tá an bheirt acu anois ag déanamh staidéar ar an nGaeilge sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Roinneann Niamh a cuid tuairimí linn ar chúrsaí polaitíochta na tíre agus a bhfuil á bheartú do cheiliúradh 1916.  Cúrsaí ceoil a bheas faoi chaibidil ag Dónal, a bhí ag ceolchoirm na Foo Fighters i gCaisleán Shláine le gairid.  Casfaidh ceoltóir eile, Fionn Mac Muiris, an fheadóg mhór agus déanfaidh sé cur síos ar thábhacht an chomórtais Siansa, agus ar an rud is mó a thaitníonn leis faoi gur Éireannach é! Beidh rogha breá ceoil ó na haíonna le cloisteáil freisin.  Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire.

Young people from across the country can be heard in this new summer series FLOSC, talking about life as they see it.  Today’s programme features two young people who were born in Helsinki – Niamh O’Regan and Dónal Gunning.  They are both currently studying Irish in UCD, although neither of them could speak a word of the language on their return to Ireland as young children.  Niamh’s take on Irish politics makes for interesting listening, while Dónal’s passion is music – he recently attended the Foo Fighters concert in Slane.  Fionn Mac Muiris plays the flute and reminisces about his success with group Na Fataí Fánacha in Gael-Linn’s Siansa 2012 contest, and he also talks about what he loves about being Irish!  Máirín Nic Con Iomaire presents and produces.