skip to main content

ANOCHT fm @ 10 mbliana

Cian Ó Cíobháin Image Name: Cian Ó Cíobháin Description: Cian Ó Cíobháin
Rónán Mac Aodha Bhuí Image Name: Rónán Mac Aodha Bhuí Description: Rónán Mac Aodha Bhuí. Seoladh Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, Grand Social, BÁC 29 Nov 2011 Copyright: Paul McErlane/RTÉ RnaG
Áine Hensey Image Name: Áine Hensey Description: Áine Hensey Copyright: RTÉ
Rónán Mac Aodh Bhuí Image Name: Rónán Mac Aodh Bhuí Description: Rónán Mac Aodh Bhuí
Áine Hensey Image Name: Áine Hensey Description: Áine Hensey
Cian Ó Cíobháin Image Name: Cian Ó Cíobháin Description: Cian Ó Cíobháin

Clár speisialta anocht, le 10 mbliana de ANOCHT fm a cheiliúradh.  Triúr a bheidh ar na maidí, i dtrí stiúideo éagsúla, le haíonna speisialta agus ceoltóirí ina dteannta.  Beidh Cian Ó Cíobháin i mBaile na nGall, beidh Áine Hensey i stiúideo Chasla, agus beidh Rónán Mac Aodha Bhuí sna Doirí Beaga.  Cuimhní cinn ar dheich mbliana den dea-cheol ar ANOCHT fm, agus na blianta atá amach romhainn.  Tháinig ANOCHT fm ar an aer den chéad uair timpeall an ama seo i 2005.  Ba ansin a ceadaíodh liricí Béarla a chraoladh den chéad uair ar an stáisiún, céim mhór agus athrú mór polasaí do RnaG a tharraing neart cainte ag an am.  Ba é Blister in the Sun le Violent Femmes an t-amhrán a roghnaigh na héisteoirí le bheith ar an gcéad amhrán i mBéarla a bheadh le cloisteáil ar an stáisiún.

A special celebratory programme this evening to mark 10 years of night-time music service ANOCHT fm on RTÉ RnaG.  The programme will be presented by three presenters, in three different studios, with special guests and musicians in studio.  Cian Ó Cíobháin will be in Baile na nGall in Kerry, Rónán Mac Aodha Bhuí will be in Doirí Beaga in Donegal and Áine Hensey will be in station HQ in Casla.  ANOCHT fm started at this time in 2005, and the creation of the service allowed English lyrics to be broadcast on the station for the first time, a significant and somewhat controversial change to station policy.  Blister in the Sun by Violent Femmes was the first song played, as voted by listeners.