skip to main content

Bí Linn

Maidhc P Ó Conaola Image Name: Maidhc P Ó Conaola Description: Maidhc P Ó Conaola, pictured in 2012 at the 40 year celebration of the establishment of RnaG. Copyright: Andrew Downes

Sa gclár cartlainne seo inniu, cloisfimid an t-iar-oide scoile as an Spidéal, Séamus Ó Cualáin, nach maireann, faoi agallamh ag Maidhc P. Ó Conaola.  Déanann sé cur síos dúinn ar an lúthchleasaí iontach Peait na Máistreása Mac Donnchadha, a rugadh i mBéal an Daingin, sa mbliain 1892.  Bhí Peait ina sheaimpín sa liathróid láimhe, agus ba sár lúthchleasaí a bhí ann freisin chomh maith le bheith thar barr sa gcaitheamh meáchain agus sa léim ard.  Bhuaigh sé craobh an domhain faoi dhó sa liathróid láimhe sa mbliain 1922/23, agus bhuaigh sé bonn óir sa gcomórtas liathróid láimhe i gcomórtais Chraobh Tailteann sa mbliain 1924.

In this archive programme today, we hear Maidhc P Ó Conaola interview for school teacher Séamus Ó Cualáin, from An Spidéal, who describes for us the superb athlete Peait na Máistreása Mac Donncha from Béal an Daingin in Connemara.  Born in 1892, he was a champion handballer and also excelled at athletics – shot put and high jump.  He won the world handball championship in 1922/23, and won a gold medal in the Tailteann games in 1924.  We learn all about him today.