Anocht, cloisfimid ceol a taifeadadh le linn Ceardlann Earraigh i gCill Dara cúpla mí ó shin, an 17ú bliain gur reáchtáladh na ceardlanna seo. Mar chuid den ócáid, chuir na múinteoirí ceoil chun stáitse don choirm mhór oíche Dé Sathairn, agus cloisfimid an choirm anocht ar an gclár. Ar na ceoltóirí, beidh Michelle agus Louise Mulcahy, Declan Folan, Dónal McCague, Breanndán Ó Beaglaoich, Dave Sheridan, Nell Ní Chróinín, Junior Davey, Caoimhín Ó Fearghaíl, James Harvey agus Noreen Gavin O’Sullivan. Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.
This evening, we’ll hear music recorded at the Ceardlann Earraigh music workshops a few months ago in Kildare. As part of the event, the music teachers took to the stage on Saturday evening for the gala concert, and we’ll hear them this evening. Musicians included Michelle and Louise Mulcahy, Declan Folan, Dónal McCague, Breanndán Ó Beaglaoich, Dave Sheridan, Nell Ní Chróinín, Junior Davey, Caoimhín Ó Fearghaíl, James Harvey and Noreen Gavin O’Sullivan. Neansaí Ní Choisdealbha presents.