skip to main content

A Siúr Future

Clár faisnéise faoi shaol na mban rialta.  Tugtar “leanbh an tí” ar an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith mar gurb í an bhean rialta is óige i gclochar Shiúracha na Trócaire in Iúr Cinn Trá, cé go bhfuil sí 70 bliain d’aois.  Tá laghdú leanúnach ag teacht ar líon na mban rialta, agus tuigeann an tSr. Eibhlín go bhfuil ré a clochair féin ag teacht chun deiridh.  Sa chlár seo, cloisfimid cúigear ban rialta ag cur síos ar an saol mar a bhí nuair a tháinig siad féin isteach sa chlochar.  Labhrann siad faoina saol ansin anois, agus cloisfimid a ndearcadh faoi thodhchaí na n-ord rialta.

At 70 years old, Sister Eibhlín Ní Chionnaith is the youngest nun in her convent.  With the steep and steady decline in numbers of women joining the religious orders, Sr. Eibhlín, like many of her peers, finds herself in an aging community which is declining year by year.  In this half-hour documentary, sisters from a number of convents reflect on a time when joining the convent was a popular choice for many young women as it explores the reasons behind the drop in numbers over the last fifty years.