Clár léirmheastóireachta a taifeadadh le linn na féile IMRAM i mBaile Átha Cliath le déanaí. Inniu, is iad Nuala Ní Dhomhnaill agus Gearóid Denvir na léirmheastóirí a bheidh le cloisteáil againn, agus iad ag trácht ar na leabhair filíochta Anamlón Bliana – Na Dialanna le Seán Ó Ríordáin, agus Rogha Dánta le Seán Ó Ríordáin. Cathal Póirtéir a chuirfidh an clár i láthair.
A book review programme recorded live during the IMRAM literature festival in Dublin recently, with a live audience. This week’s programme features reviewers Nuala Ní Dhomhnaill and Gearóid Denvir, and they will review two poetry books by Seán Ó Ríordáin, Anamlón Bliana – Na Dialanna and Rogha Dánta. Cathal Póirtéir presents.