skip to main content

MP3

Ashling Harteveld (UCD), Lisa Nic an Bhreithimh (UCD, TCD), Caoimhe Ní Chathail (DCU) Image Name: Ashling Harteveld (UCD), Lisa Nic an Bhreithimh (UCD, TCD), Caoimhe Ní Chathail (DCU) Description: Mic léinn as UCD, DCU: Ashling Harteveld (UCD), Lisa Nic an Bhreithimh (UCD, TCD), Caoimhe Ní Chathail (DCU)

Anocht, cloisfimid an clár deireanach sa tsraith samhraidh seo a thugann ardán do dhaoine óga lena ndearcadh ar chúrsaí an tsaoil a phléigh.  Máirín Nic Con Iomaire a bheidh sa chathaoir, agus triúr macléinn atá ina cuideachta anocht– duine ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus beirt ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Bíonn a gcláracha raidió féin ag Lisa Nic an Bhreithimh as Baile Átha Cliath, agus ag Caoimhe Ní Chathail as Leitir Ceanainn, ar Raidió na Life agus an-tóir ag Lisa go speisialta ar na bannaí agus na ceoltóirí óga Éireannacha atá ag teacht chun cinn, leithéide Hozier agus Darling.  Cloisfimid blaisín ó chláracha na beirte, agus amhrán álainn ó Chaoimhe, agus casfaidh Ashling Harteveld, as an tSín ó dhúchas ach atá ag cur fúithi i Loch Garman anois, an fheadóg mhór agus beidh sí ag trácht ar chúrsaí bainise mar gur phós sí níos túisce an samhradh seo!  Beidh ceol againn ó Funeral Suits, Taylor Swift, Louis Armstrong freisin ar an gclár deireanach seo den tsraith MP3.

Tonight, we will hear the final programme in this summer series which gives young people from all over the country a platform to express their views on a selection of topics.  Tonight, presenter Máirín Nic Con Iomaire is joined by three Dublin-based students – two from UCD and one from DCU.  Lisa Nic an Bhreithimh and Caoimhe Ní Chathail both have their own radio shows on Raidió na Life, and Lisa is particularly interested in emerging Irish musical talent such as Hozier and Darling.  We’ll hear a clip from their radio shows tonight on the programme, and hear a song performed by Caoimhe.  Ashling Harteveld, originally from China but now living in Wexford, will perform on the flute, and will also be talking weddings, as she married earlier in the summer.  Tune in for music from Funeral Suits, Taylor Swift, Louis Armstrong on this the final episode in the series of MP3.