skip to main content

MP3

Pupils from Pobalscoil Ghaoth Dobhair Image Name: Pupils from Pobalscoil Ghaoth Dobhair Description: Pupils from Pobalscoil Ghaoth Dobhair featuring on MP3 on 21 July 2014 Caoimhe Nic Pháidín Ní Dhomhnaill, Joe Ó Baoill, Síle Ní Ghallchóir, Cathal Ó Curráin
Máirín Nic Con Iomaire Image Name: Máirín Nic Con Iomaire Description: Máirín Nic Con Iomaire

Ceol tíre agus an tóir atá air – seo ábhar cainte amháin a bheidh ag aíonna óga na hoíche anocht ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, agus súil ag Cathal Ó Curráin agus Síle Ní Ghallchóir aghaidh a thabhairt ar an ardchathair do cheolchoirm an amhránaí cáiliúil Garth Brooks.  Is ceoltóirí cumasacha an bheirt acu, agus casfaidh siad an t-amhrán ‘Fuaim an Chiúinis’ – leagan Gaeilge den amhrán ‘The Sound of Silence’ le Simon & Garfunkel, chomh maith le dreas poirt ar an bhfliúit agus ar an mbainseo.  Tá traidisiún láidir ceoil i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ar ndóigh, ach tá an drámaíocht tréan ann freisin, agus beidh radharc den dráma Filleann an Feall, a scríobh Caoimhe Nic Pháidín Ní Dhomhnaill, Joe Bhaoill agus Cathal Ó Curráin, le cloisteáil á aithris acu ar chlár na hoíche anocht chomh maith céanna.  Cloisfimid ceol ó Garth Brooks agus Emma Ní Fhíoruisce freisin.  Sraith samhraidh atá anseo, a thugann ardán do dhaoine óga lena ndearcadh ar chúrsaí an tsaoil a phléigh, agus beidh scoth an cheoil, spraoi agus tuairimí spéisiúla le cloisteáil air gach seachtain.  Máirín Nic Con Iomaire sa chathaoir.

In tonight’s show, Máirín Nic Con Iomaire is joined by four pupils from Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co Donegal. Country music and its popularity are some of the topics of conversation tonight, with two of the group – Cathal Ó Curráin agus Síle Ní Ghallchóir – hoping to travel to the Garth Brooks concerts in Dublin this summer.  Both of them are talented musicians in their own right, and will sing an Irish version of Simon & Garfunkel’s ‘The Sound of Silence’, with music on flute and banjo as well.  Pobalscoil Ghaoth Dobhair has a strong musical tradition, but drama is also strong, and we will hear a scene from the play Filleann an Feall, written by Caoimhe Nic Pháidín Ní Dhomhnaill, Joe Bhaoill and Cathal Ó Curráin, performed on tonight’s show.  The show playlist will also include songs from Garth Brooks and Emma Ní Fhíoruisce.  This is a series featuring young people from all over the country, giving them a platform to express their views on a whole selection of topics, and life in general, as well as sharing their musical choices.  Presented by Máirín Nic Con Iomaire.