Sraith nua samhraidh a thugann ardán do dhaoine óga lena ndearcadh ar chúrsaí an tsaoil a phléigh, agus beidh scoth an cheoil, spraoi agus tuairimí spéisiúla le cloisteáil air freisin. Inniu, beidh daltaí ó Choláiste Chois Life, Leamhcán agus ó Choláiste de hÍde, Tamhlacht, i mbun comhrá le Máirín Nic Con Iomaire. Cúrsaí sacair agus Rógairí na Seamróige, Comórtas Siansa 2014, amhrán nua-chumtha Unwritten á chasadh ar an aer den chéad uair, ceol traidisiúnta agus Féile Joe Mooney a bheas ar siúl i nDroim Seanbhó i mí Iúil. Sin cuid den ábhar cainte a bheas ag Ross Ó Cearnaigh agus Sophia Desay ó Choláiste de hÍde, agus ag Conchúir Mac Fhearraigh agus Ciarán Mac Gearailt ó Choláiste Chois Life, ar chlár na hoíche anocht. Cloisfimid a rogha ceoil freisin ó Ed Sheeran, Mc Fly agus Mumford & Sons.
This is a new series featuring young people from all over the country, giving them a platform to express their views on a whole selection of topics, and life in general, as well as sharing their musical choices. Tonight, presenter Máirín Nic Con Iomaire will be joined by pupils from Coláiste Chois Life, Lucan and Coláiste de hÍde, Tallaght. Their musical choices will include Ed Sheeran, McFly and Mumford & Sons. They will also be discussing soccer and Shamrock Rovers, the Siansa Gael Linn 2014 competition, traditional music, the Joe Mooney festival in July, and we will hear a new song by Unwritten performed for the first time. Máirín is joined by Ross Ó Cearnaigh and Sophia Desay from Coláiste de hÍde, and Conchúir Mac Fhearraigh and Ciarán Mac Gearailt from Coláiste Chois Life.