skip to main content

Conradh na Gaeilge: 120 Bliain

Conradh na Gaeilge, Páras Image Name: Conradh na Gaeilge, Páras Description: Conradh na Gaeilge, Páras - Paris branch of Conradh na Gaeilge Copyright: Judy Meg Ní Chinnéide

An chéad chlár i sraith speisialta a taifeadadh le comóradh a dhéanamh ar 120 bliain Chonradh na Gaeilge anuraidh.  Sa tsraith, tabharfaidh Judy-Meg Ní Chinnéide turas ar chraobhacha Chonradh na Gaeilge thar lear, agus sa tír seo, agus inseoidh sí scéal stair an Chonartha.  Léireoidh an tsraith seo an gné  idirnáisiúnta a bhaineann le pobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann, agus an dul chun cinn atá déanta ag an gConradh, agus an Ghaeilge, ó 1893.  Inniu, tugann Judy-Meg cuairt ar chraobh Chonradh na Gaeilge i bPáras, nó ‘An Ghaeltacht-sur-Seine’, mar a thugtar air.  Craoladh an tsraith seo ar Raidió na Life anuraidh mar chuid de Bhliain na Gaeilge.  Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann, agus le cabhair breise ó Fhoras na Gaeilge.

The first programme in a special series recorded to mark 120 years of Conradh na Gaeilge last year.  In the series, Judy Meg Ní Chinnéide travels to branches of Conradh na Gaeilge in Ireland and abroad, and tells the story of the organisation’s history.  The series highlights the international aspect of the modern Irish-language community and the progress of the organisation and the language since 1893.  Today, Judy-Meg visits Conradh na Gaeilge in Paris, or the Gaeltacht sur Seine as it’s known.  This series was first broadcast on Raidió na Life last year to celebrate Bliain na Gaeilge.  The series was produced with funding from the BAI’s Sound and Vision scheme, and with extra support from Foras na Gaeilge.