skip to main content

Rónán Beo @3

Breag Press3 Image Name: Breag Press3
Breag Press1 Image Name: Breag Press1

Beidh an grúpa Bréag as Béal Feirste ag ceiliúradh 21 bliain ar an bhfód i mbliana, agus beidh siad beo sa stiúideo ar chlár an lae inniu.  As Béal Feirste do Bhréag, agus tá baill an ghrúpa i measc an chéad ghlún Gaeilgeoirí ó dhúchas a rugadh agus a tógadh sa chathair sin.  Gaelcheol Reggae/Ska a chasann siad, agus tá trí albam curtha amach acu.  Ar chuid de na grúpaí ar chas siad ar stáitse leo, tá The Wailers, Shane McGowan, Alabama 3, The Hothouse Flowers agus Kíla.  Beidh siad ar stáitse ag an gCabaret Craiceáilte oíche Dé Sathairn, agus inniu beidh siad ag insint do Rónán faoina dturas ceolmhar le 21 bliain anuas.

Today, Belfast Reggae/Ska band Bréag will be live in studio on the show.  The band has been together for 21 years, and will be performing at the Cabaret Craiceáilte music night in Gaoth Dobhair on Saturday night.  Today, they tell Rónán about their musical journey over the past 21 years, during which they have released 3 albums, and shared stages with The Wailers, Shane McGowan and Kíla, among others.