skip to main content

An Saol ó Dheas

Nioclás Tóibín Image Name: Nioclás Tóibín Description: Nioclás Tóibín Copyright: Gael Linn
Helen Ní Shé Image Name: Helen Ní Shé Description: Helen Ní Shé Copyright: RTÉ RnaG / Elaine Kennedy

Beidh an clár á chraoladh beo ón Rinn inniu, áit a mbeidh Tionól Niocláis Tóibín ar siúl ag an deireadh seachtaine.  Beidh ceardlanna ceoil, coirmeacha, léachtaí agus tuilleadh imeachtaí nach iad ar siúl mar chuid den bhféile.  Beidh Helen Ní Shé ar an stiúir inniu agus í i mbun comhrá le lucht eagraithe agus leis an bpobal áitiúil faoi imeachtaí an deireadh seachtaine.  Bhí clú agus cáil ar Nioclás Tóibín mar amhránaí den scoth.  Bhain sé Corn Ui Riada ag an Oireachtas trí bliana as a chéile ó 1961-1963, agus d’fhoilsigh Gael Linn dhá cheirnín dá chuid i 1963 agus LP i 1977.  D’fhan sé dílis do cheantar na nDéise i gcónaí, agus bhí baint ag an gceantar le go leor dá chuid amhrán.

Today the programme will be broadcast live from An Rinn in the Waterford Gaeltacht where the Tionól Niocláis Tóibín festival takes place this weekend.  The festival includes music workshops, concerts, lectures and more.  Today, Helen Ní Shé will be talking to festival organisers and the local community about the weekend events.  Nioclás Tóibín was a renowned sean-nós singer from the area, with a strong sense of the heritage he carried.  He won Corn Ui Riada at the Oireachtas for 3 years from 1961 to 1963.  He issued two EPs with Gael Linn in 1963 and in 1977 released an LP.