skip to main content

Cois Mara Thoir sa Rinn

Tóibín – Nioclás, Séamus, Dáithí agus Pádraig Image Name: Tóibín – Nioclás, Séamus, Dáithí agus Pádraig Description: The Tóibín brothers Nioclás, Séamus, Dáithí agus Pádraig from An Rinn in Waterford
Pádraig de Faoite agus a bhean Neillí Image Name: Pádraig de Faoite agus a bhean Neillí Description: Pádraig de Faoite agus a bhean Neillí

Caith seal i dteannta mhuintir na Rinne sa chlár speisialta seo ar shaibhreas amhránaíochta, scéalaíochta agus ceoil an cheantair.  Sa chlár seo inniu, cloisfimid ó Mhicil Tóibín ó Bhaile na nGall, amhránaí mín séimh, agus leagan na Rinne de Liam Ó Raghallaigh (Mac Uí Raghallaigh) aige.  Tabharfaimid cuairt ar an Sean Phobal chomh maith mar a mbeidh cluas á tabhairt againn do Sheán Ó Cléirigh chomh maith le rabharta filíochta ó Thadhg Condúin.  Fanfaimid leis an bhfilíocht agus dreas breá cainte ó Shiobhán Tóibín, nó Hanny Terry mar ab fhear aithne uirthi.  Beidh cur síos ar aimsir na Samhna ó Pheig Bn Uí Réagáin ón tSeana Chill, agus amhrán deas ó comharsa léi Pádraig de Faoite.  Sorcha Ní Chéilleachair ag láithriú.

Sorcha Ní Chéilleachair of Maoil an Choirne in An Rinn, brings listeners the best in music, song and stories from the Waterford Gaeltacht.  Tune in today to hear the sweet singing of Micil Tóibín from Baile na nGall with the local version of the song Liam Ó Raghallaigh.  The show will also feature poetry from Seán Ó Cléirigh, and conversation with Siobhán Tóibín or Hanny Terry as she was better known.  As well as that, we will hear a description of Halloween from Peig Bn Uí Réagáin, and a song from her neighbour Pádraig de Faoite.