skip to main content

Gaol Gairid

Colmán agus Colm Mac Séalaigh Image Name: Colmán agus Colm Mac Séalaigh Description: Colmán agus Colm Mac Séalaigh Copyright: RTÉ Raidió na Gaeltachta
Colmán, Colm Mac Séalaigh le Cearbhall Ó Síocháin Image Name: Colmán, Colm Mac Séalaigh le Cearbhall Ó Síocháin Description: Colmán and Colm Mac Séalaigh with presenter Cearbhall Ó Síocháin (middle) Copyright: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Inniu, cloisfimid Colm Mac Séalaigh agus a mhac Colmán faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin.  As Baile Átha Cliath do Cholm, múinteoir i gColáiste Eoin tráth, ball den ghrúpa ceannródaíoch ceoil Na Fíréin, agus iar-roghnóir d’fhoireann iománaíochta Bhaile Átha Cliath freisin.  I mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh a mhac Colmán freisin, láithreoir ar an gclár do dhaoine óga ‘Ponc’ ar TG4.  Ar an gclár inniu, labhrann Colm le Cearbhall faoina chuid oibre leis an nGaeilge, go háirithe i gColáiste Chamuis, a spéis leanúnach i gcúrsaí spóirt, iomáint go háirithe, agus labhrann Colmán leis faoi bheith ag cur réaltaí móra scannán faoi agallamh do Ponc, agus faoina bhaint féin le Coláiste Chamuis, i measc rudaí eile.

Today, Cearbhall Ó Síocháin interviews Colm Mac Séalaigh and his son Colmán.  Colm is a retired teacher from Coláiste Eoin in Dublin, a member of pioneering rock group Na Fíréin, and former selector for the Dublin hurling team.  His son Colmán was brought up in Dublin, and works as a presenter on young people’s TV show Ponc on TG4.  Today they talk to Cearbhall about their lives and work.  Colm discusses his enduring interest in sport, hurling in particular, and his work with Irish language summer college Coláiste Chamuis.  Colmán talks to Cearbhall about his work on TG4, interviewing big film stars for the show, and his own involvement with Coláiste Chamuis, among other things.