Eagrán speisialta den chlár a bheidh le cloisteáil againn inniu, dírithe ar na sean fadcheirníní. Bhí fuaim i bhfad níos boige ar na taifid seo ná mar atá ar na cinn dhigiteacha a bhíonn á bhfoilsiú anois. Taifid ó na caogaidí go dtí na nóchaidí a bheas le cloisteáil ar an gclár, le bannaí ar nós The Bothy Band, Dé Danann, Paul Brady, agus cuid de na fadcheirníní ba mhó clú siar sna blianta, leithéidí The Star above the Garter le Denis Murphy agus Julia Clifford. Cloisfimid ceol freisin ó Ossian na hAlban, Na Chieftains, Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann. Is é Peadar Ó Riada a bheidh sa chathaoir.
Today we will hear a special edition of the programme focused on LPs from the 50s to the 90s. The sound on these recordings is a lot softer than the digital recordings we hear on albums now. Today, Peadar Ó Riada will revisit some of the seminal LPs in the tradition, including music from The Bothy Band, Dé Danann, Paul Brady, and albums like The Star above the Garter with Julia Clifford and Denis Murphy. We will also hear LPs from Scotland’s Ossian, The Chieftains, Seán Ó Riada and Ceoltóirí Chualann.