skip to main content

Spórt an tSathairn

Seán Bán Breathnach Image Name: Seán Bán Breathnach Description: Seán Bán Breathnach Copyright: RTÉ

Is iad Baile Átha Cliath a bhuaigh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann faoi 21 Cadbury anuraidh, ach bualadh i gCraobh Laighean i mbliana iad.  Ciallaíonn sé sin go mbeidh ainm nua ar an gcorn i 2013, ach cén contae a bheidh ann?  Sna babhtaí leathcheannais inniu, imreoidh Gaillimh in éadan Chill Dara, agus beidh curaithe Chúige Mumhan ag imirt in éadan churaithe Chúige Uladh.  Coinnigh cluas le Spórt an tSathairn do thráchtaireacht bheo agus anailís ar na cluichí.  Seán Bán Breathnach a bheidh sa chathaoir.

Dublin were winners of last year’s Cadbury GAA Football Under 21 Championship, but they were beaten in the Leinster Championships this year and so a new champion will emerge for 2013.  We’ll come a step closer to knowing who that champion will be today when the semi finals will be played.  Galway will play Kildare today, and the Munster and Ulster champions will square up, to decide who will make it to the finals on 4 May.  Stay tuned to Spórt an tSathairn today for live commentary and analysis on both matches.  Seán Bán Breathnach presents.